Léim go dtí an príomhábhar

Oideas Gael

Clár An Siopa Gaeilge

Oideachas Pobail

Imeacht pobail in Oideas Gael, taispeántas d'earraí lámhfhite

Dírítear ár gcuid cúrsaí Oideachais Pobail ar dhaoine fásta de gach aois atá ina gcónaí in Iardheisceart Dhún na nGall. Cuireann na ranganna seo deiseanna oideachais agus deiseanna sóisialta ar fáil dóibh siúd ar mian leo scil úr a fhoghlaim nó ceird a chleachtadh i dtimpeallacht atá idir chairdiúil agus spreagúil.

Féilire cúrsaí

Teideal Praghas
Cniotáil agus Cróiseáil (7.00–9.00pm) €50 Cláraigh
Péintéireacht agus Sceitseáil (7.00–9.00pm) €50 Cláraigh

Is le linn an fhómhair agus an gheimhridh in ionad Oideas Gael i nGleann Cholm Cille a bhíonn na ranganna seo ar siúl, de ghnáth. Cuireann muid cúrsaí Oideachais Pobail ar siúl i gcomhar le comhpháirtithe éagsúla amhail le Coláiste Dhún na nGall (Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall) agus Béal an Phobail.

Bíonn fáilte i gcónaí roimh bhaill den phobal áitiúil páirt a ghlacadh inár gcuid cúrsaí poiblí agus cúrsaí ar líne fosta, ar ndóigh.

Rannpháirtithe ar an chlár Oideachais Pobail HEART
Rang oíche ar an chaoladóireacht