Léim go dtí an príomhábhar

Oideas Gael

Clár An Siopa Gaeilge

Féilire cúrsaí ar líne

Níl aon chúrsa inár bhféilire faoi láthair. Is gnách go mbíonn ár gcúrsaí ar líne ar siúl sa gheimhreadh agus san earrach agus fógraítear iad cúpla seachtain roimh ré.

Bí linn, ar líne

Bain sult as ár gcuid cúrsaí teanga agus cultúir do dhaoine fásta a chuirtear ar fáil beo ar líne.

Bíonn teagasc ar ardchaighdeán, béim ar an teanga labhartha, agus neart deiseanna chun caint agus comhrá a dhéanamh i gceist lenár gcuid cúrsaí.

Is í an aidhm atá ag Oideas Gael ar Líne taithí na Gaeltachta, agus an tumoideachas i dteanga agus cultúr na hÉireann a ghabhann léi, a chur ar fáil oiread is féidir ó chian. Bíonn teagasc beo ar líne agus obair i ngrúpaí beaga i gceist le gach rang. Gheobhaidh na rannpháirtithe ábhar foghlama a réitíodh go speisialta don chúrsa.

Amchrios

Úsáidtear am áitiúil na hÉireann (GMT, lena n‑áirítear Am Samhraidh nuair is infheidhme) le haghaidh na n‑amantaí cúrsa uilig ar ár suíomh gréasáin. Má tá cónaí ort lasmuigh d’Éirinn, déan iad seo a thiontú go dtí do chrios ama áitiúil.

Breis eolais

Breis eolais agus ceisteanna coitianta anseo »