Léim go dtí an príomhábhar

Oideas Gael

An Siopa Gaeilge

Cúrsaí EPV

Cuireann an scéim Saoire Phearsanta Bhreise (nó EPV), faoi stiúir Roinn Oideachais na hÉireann, deis ar fáil do mhúinteoirí scoile a bheith i dteideal laethanta saoire breise i ndiaidh dóibh freastal ar chúrsa aitheanta traenála. Tá formhór chúrsaí Oideas Gael aitheanta chuige seo.

Féilire cúrsaí

Fógraítear cúrsaí EPV san earrach, de ghnáth, i ndiaidh don Roinn Oideachais iad a cheadú.

Tá go leor cúrsaí de chuid Oideas Gael aitheanta ag Roinn Oideachais na hÉireann faoi Riail 58 do thraenáil inseirbhíse agus saoire phearsanta bhreise (ar a dtugtar EPV chomh maith). Bíonn sé soiléir i bhféilire na gcúrsaí i gcónaí cad iad na cúrsaí atá aitheanta chuige seo. Más mian leat cur isteach ar laethanta EPV, déan cinnte go gcláraíonn tú ar chúrsa atá aitheanta! Cuirfidh Oideas Gael teastas tinrimh ar fáil duit ag deireadh do chúrsa.

Rang Gaeilge i Scoil an Choimín, Gleann Fhinne
Cúrsa do mhúinteoirí i bpáirt le Cumann Múinteoirí Éireann
Ceoltóirí ag seinm don damhsa