Cúrsa Gaeilge 3 (Meánleibhéal)
Díríonn an cúrsa seo ar líofacht cainte sa saol laethúil.
Féilire cúrsaí ar líne
- (Cúrsa lae)
- Cúrsa Gaeilge 3 (Meánleibhéal) — 10.00am–4.00pm GMT+1 Beagnach lán €50 Cláraigh
- Cúrsa Gaeilge 3 (Meánleibhéal) — 3.00–8.00pm GMT+1 Beagnach lán €50 Cláraigh
- (Cúrsa lae)
- Cúrsa Gaeilge 3 (Meánleibhéal) — 10.00am–4.00pm GMT Beagnach lán €50 Cláraigh
- Cúrsa Gaeilge 3 (Meánleibhéal) — 3.00–8.00pm GMT Beagnach lán €50 Cláraigh
- (Cúrsa lae)
- Cúrsa Gaeilge 3 (Meánleibhéal) — 10.00am–4.00pm GMT €50 Cláraigh
- Cúrsa Gaeilge 3 (Meánleibhéal) — 3.00–8.00pm GMT Beagnach lán €50 Cláraigh
Is iomaí foghlaimeoir Gaeilge, i ndiaidh tamaill áirithe, a bhíonn ábalta tuiscint cheart a bhaint as caint sa saol laethúil ach ar deacair dóibh iad féin a chur in iúl i gceart nó ceisteanna áirithe a fhreagairt gan dua! Is í taithí fhoireann Oideas Gael go mbaineann foghlaimeoirí atá ag an staid seo tairbhe mhór as cleachtadh comhrá i ngrúpaí beaga agus an cleachtadh sin dírithe ar thopaicí faoi leith le treoir ó mhúinteoir oilte.
Sa chúrsa seo déanfaidh tú plé ar réimse ilghnéitheach ábhar a bhaineann le gnáthchúrsaí an tsaoil. Cuirfear béim ar do stór focal a leathnú agus ar do chumas chun cumarsáid a dhéanamh a neartú. Bainfidh na rannpháirtithe buntáiste as curaclam saincheaptha, agus ábhar foghlama a chuirfear ar fáil dóibh, a bheidh do mhúinteoir in ann a chur in oiriúint do riachtanais an ghrúpa. Beidh neart craic agus deiseanna labhartha ann fosta!
Amchlár
Freastalóidh rannpháirtithe an chúrsa seo ar cheann amháin nó níos mó de thrí dhianchúrsa lae a bheidh ar siúl ar an Satharn 17 Deireadh Fómhair, ar an Satharn 7 Samhain nó ar an Satharn 21 Samhain 2026. Pléifear gnéithe éagsúla den teanga ar gach lá agus is féidir freastal ar an dara lá, mar shampla, fiú muna raibh tú i láthair ag an chéad chúrsa. Baineann na hamantaí ranga agus aon amantaí eile a luaitear ar an suíomh seo leis an am áitiúil in Éirinn—tabhair aird air seo, le do thoil, má bhíonn tú ag féachaint ar an fhéilire cúrsaí agus tú i do chónaí thar lear.
