Léim go dtí an príomhábhar

Oideas Gael

An Siopa Gaeilge

Siúl Sléibhe

Tá mórán suíomhanna siúil a bhfuil áilleacht gan sárú acu le fáil i Leithinis Shliabh Liag. Faoi stiúradh ár dtreoraithe ardoilte eolacha, déantar clár a thairiscint a bhfuil sásamh fisiciúil agus cultúrtha le baint as ag lucht tosaithe agus ag an dream a bhfuil taithí go leor acu.

Féilire cúrsaí

Teideal Suíomh Praghas
Siúl Sléibhe Gleann Cholm Cille Gleann Cholm Cille €210 Cláraigh »
Siúl Sléibhe Gleann Cholm Cille Gleann Cholm Cille €120 Cláraigh »
Siúl Sléibhe Gleann Cholm Cille Gleann Cholm Cille €210 Cláraigh »
Siúl Sléibhe Gleann Cholm Cille Gleann Cholm Cille €210 Cláraigh »
Siúl Sléibhe Gleann Cholm Cille Gleann Cholm Cille €210 Cláraigh »
Siúl Sléibhe Gleann Cholm Cille Gleann Cholm Cille €210 Cláraigh »

In iardheisceart Chontae Dhún na nGall atá cuid de na limistéirí siúil is fearr in Éirinn, le Sliabh Liag a mheastar a bheith ar an bhinn mhara is mórthaibhsí san Eoraip. D’ainneoin áilleacht na leithinise, ní thaithíonn siúlaithe cnoc an oiread sin í, fiú le linn ardséarsúr an tsamhraidh, as siocair í bheith chomh scoite sin. Tá rogha siúlóidí á tairiscint nach ionann deacracht dóibh; tugann gach ceann acu deis do shiúlaithe breathnú ar éagsúlacht radharcanna fíoráille de chuid chóstaí iargúlta dheisceart Dhún na Gall. Cuid de Ghaeltacht Dhún na nGall é an ceantar seo agus táthar ag súil go mbeidh ar chumas siúlaithe a gcuid Gaeilge a úsáid le linn shaoire na seachtaine, sin nó, mura bhfuil an teanga ar a dtoil acu, go dtógfaidh siad abairt nó dhó. Sult agus sásamh is mó atá i gceist sa chúrsa agus beidh am go leor tráthnóna le héisteacht leis an cheol tíre a bhfuil cáil ar an réigiún dá bharr agus taitneamh a bhaint as an chraic a bhíonn mar ghnáthchuid de chúrsaí Oideas Gael.

Ní mór go gach duine atá páirteach sa chúrsa na rudaí seo a leanas a thabhairt leo:

  • Péire compordach bróg siúil (ní gnáthbhróga). Más péire nua atá agat moltar dul i dtaithí orthu roimh thosach na saoire seo.
  • Roinnt péirí stocaí olla tiubha.
  • Bríste ghairid nó bríste siúil compordach eile.
  • Culaith nach ligeann uisce isteach, ar chaighdeán maith, ar féidir a fhilleadh go furasta.
  • Cosaint gréine (grád 15)
  • Feadóg agus learscáil na Suirbhéireachta Ordanáis den cheantar (Bileog 10). Tá an learscáil le ceannach sa Siopa Gaeilge in Oideas Gael.
  • Mála droma beag a mbeidh slí ann do na rudaí thuas agus do lón pacáilte.
  • Paca pillíní chun cloganna a chosc.
  • Moltar hata/caipín agus láimhíní éadroma a thabhairt leat.

Cé nach mbeidh ailleadóireacht i gceist sna siúlóidí beith roinnt acu measartha fada agus maolach agus caithfidh lucht an chúrsa a chinntiú go mbeidh siad in ann acu. Maireann na siúlóidí idir 4–6 uair an chloig.

Siúlóir ag amharc amach ar an fharraige ó bharr Shliabh Liag
Rannpháirtithe ar chúrsa Siúl Sléibhe de chuid Oideas Gael ag siúl as Sliabh Liag i dtreo na Trá Báine, ar an Mhálainn Bhig
An Starraill, Gleann Cholm Cille
Siúlóirí ar Chosán an Oilithrigh, Sliabh Liag
Dream Siúl Sléibhe ag siúl síos an chnoic faoi stiúir an treoraí Brendan McDyer