Léim go dtí an príomhábhar

Oideas Gael

An Siopa Gaeilge

Amhránaíocht ar an Sean-nós

Gearóidín Breathanach i mbun ceolchoirme in Oideas Gael

Deis ar leith é seo blaiseadh d’oidhreacht cheol dúchais Thír Chonaill faoi stiúir amhránaí den chéad scoth.

Féilire cúrsaí ar líne

Teideal Praghas
Amhránaíocht ar an tSean-nós — 7.00–8.30pm GMT €160 Cláraigh

Moltar an cúrsa dátheangach seo do dhaoine a bhfuil taithí éigin acu ar an amhránaíocht cheana (mar chaitheamh aimsire nó eile). Amhránaí ar an sean-nós den scoth a bheidh i mbun an teagaisc. Cuirfidh na rannpháirtithe snas ar a gcuid scileanna amhránaíochta agus gheobhaidh siad míniú ar chúlra na n-amhrán agus n-amhránaithe. Beidh seans ag gach duine a bheith ag ceol i dtimpeallacht spreagúil phléisiúrtha. Beidh roinnt deiseanna ann fosta teacht le chéile ar líne go sóisialta taobh amuigh de na ranganna.

Amchlár

Freastalóidh rannpháirtithe an chúrsa seo ar rang sa tseachtain, 7.00–8.30pm (am na hÉireann/GMT) oíche Déardaoin. Beidh ocht rang beo ar líne sa chúrsa ag tosú ar an 12 Feabhra 2026. Ní bheidh aon bhriseadh lár téarma sa tsraith ranganna seo.

Rachaidh an clog uair chun cinn in Éirinn ar an 29 Márta 2026. Tugtar faoi deara nach dtéann am coigilte sholas an lae (DST) i bhfeidhm ar an dáta céanna i ngach tír ar domhan.

Múinteoir

Tá iomrá ar Ghearóidín Breathnach, as Rann na Feirste i dTír Chonaill, mar amhránaí agus mar sheanchaí. Tá éacht mór déanta aici i gcomórtais an Oireachtais agus bhuaigh sí an comórtas is tábhachtaí sa tsean-nós, Corn Uí Riada, faoi thrí sna blianta 1996, 2004 agus 2024. D'eisigh Cló Iar-Chonnacht dhá dhlúthdhiosca dá cuid ceoil, mar atá, Ar Fhoscadh na gCnoc (1997) agus Grá mo Chroí an Óige (2013). Is í Gearóidín atá i bhfeighil ar na ceardlanna amhránaíochta le linn Scoil Samhraidh Teanga agus Cultúir Oideas Gael le roinnt blianta anuas.

Gearóidín Breathanach i mbun ceolchoirme in Oideas Gael
Máire Ní Choilm ag ceol le linn Scoil Samhraidh Teanga & Cultúir Oideas Gael 2024
Oíche Sheanchais & Shean-nóis ag Scoil Samhraidh Oideas Gael 2021