Toraigh

Agus é suite naoi míle ar shiúl ó chósta Dhún na nGall, áit ar leith é oileán Thoraí, an t-ionad cónaithe is faide siar ó thuaidh san Eoraip seachas an Íoslainn. Tá saibhreas staire, scéalaíochta agus amhránaíochta ag roinnt le Toraigh agus leis an phobal ann.
Is léir ón tseandálaíocht lorg an chine dhaonna ar an oileán chomh fada siar leis an Iarnaois. Is ann a chónaigh Balor na Súile Nimhe, de réir an tseanchais, agus samhlaítear dlúthnasc idir Toraigh agus Naomh Colm Cille. Deirtear gur chuir an naomh mainistir ar bun san oileán sa 6ú haois agus tá cloigtheach agus iarsmaí Críostaí ón luath-mheánaois le fáil i dToraigh go fóill.
Sa lá atá inniu ann, pobal láidir Gaeltachta í muintir Thoraí. Tá an iascaireacht agus saol na farraige lárnach i scéal an oileáin agus baineann tábhacht leis an turasóireacht agus leis na healaíona don phobal fosta.
Tá cúrsa ar leith dírithe ar Shaibhreas na Gaeilge á reáchtáil ag Oideas Gael i dToraigh uair sa bhliain ó 2015 i leith. I nGleann Cholm Cille atá cúrsaí Oideas Gael uilig suite ach amháin má tá a mhalairt ráite san fhéilire cúrsaí.

