Léim go dtí an príomhábhar

Oideas Gael

An Siopa Gaeilge

Línte agus Liricí: ag foghlaim na teanga véarsa ar véarsa

Tá saibhreas teanga ag baint leis an véarsaíocht, idir fhilíocht agus amhránaíocht, dhá thraidisiún atá beo bríomhar sa Ghaeilge i gcónaí. Dírithe ar dhaoine atá ag foghlaim na teanga, cuirfidh tú eolas ar na traidisiúin chéanna faoi stiúir amhránaí agus múinteoir aitheanta le linn an chúrsa deireadh seachtaine seo.

Féilire cúrsaí

Teideal Suíomh Praghas
Línte agus Liricí Gleann Cholm Cille Gleann Cholm Cille €120 Cláraigh »

Breathnófar ar rogha amhrán agus dánta i rith an chúrsa. Tabharfar míniú ar na téacsanna agus déanfar plé ar an chúlra agus ar an chiall a bhaineann leo. Díreofar ar fhuaimniú ceart na bhfocal agus beidh seans ag gach duine a bheith ag ceol i dtimpeallacht spreagúil phléisiúrtha. Is minic a fhaightear léargas ar nathanna cainte nó ar chultúr agus stair na hÉireann sna hamhráin agus san fhilíocht araon. Deis iontach atá anseo cur le do thuiscint ar an teanga agus do stór focal a shaibhriú.

Tugtar do d’aire go bhfuil an cúrsa seo dírithe ar thosaitheoirí agus ar dhaoine a bhfuil meánleibhéal Gaeilge acu. Más cainteoir Gaeilge líofa thú, seans go mbainfeá tairbhe as Scoil Samhraidh Teanga & Cultúir Oideas Gael i mí Iúil, áit a mbíonn ceardlann amhránaíochta ar an tsean-nós gach bliain.

Ellie & Brídín Nic Fhionnghaile ag ceol
Colette McDevitt i mbun amhránaíochta