Léim go dtí an príomhábhar

Oideas Gael

An Siopa Gaeilge

An Amhránaíocht

Ellie & Brídín Nic Fhionnghaile ag ceol

Tá saibhreas teanga agus ceoil ag baint le traidisiún amhránaíochta na Gaeilge, traidisiún atá beo bríomhar i gcónaí.

Féilire cúrsaí ar líne

Teideal Praghas
An Amhránaíocht — 7.00–8.30pm GMT €160 Cláraigh

Dírithe ar dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge, cuirfidh tú eolas ar amhráin ón traidisiún céanna faoi stiúir amhránaí aitheanta. Breathnófar ar rogha amhrán i rith an chúrsa, agus roinnt a bhaineann le Tír Chonaill agus le Cúige Uladh. Tabharfar míniú ar fhocla na n-amhrán agus déanfar plé ar an chúlra agus an chiall a bhaineann leo. Díreofar ar fhuaimniú ceart na bhfocal agus beidh seans ag gach duine a bheith ag ceol i dtimpeallacht spreagúil phléisiúrtha. Is minic a fhaightear léargas ar nathanna cainte nó ar chultúr agus stair na hÉireann sna hamhráin. Deis iontach atá anseo cur le do thuiscint ar an teanga agus do stór focal a shaibhriú.

Má tá ardchaighdeán Gaeilge agat, nó má tá go leor taithí agat ar an amhránaíocht Ghaeilge cheana, caith súil ar an Amhránaíocht ar an tSean-nós.

Amchlár

Freastalóidh rannpháirtithe an chúrsa seo ar rang sa tseachtain, 7.00–8.30pm (am na hÉireann/GMT) oíche Luain. Beidh ocht rang beo ar líne sa chúrsa ag tosú ar an 9 Feabhra 2026. Ní bheidh aon bhriseadh lár téarma sa tsraith ranganna seo. 

Rachaidh an clog uair chun cinn in Éirinn ar an 29 Márta 2026. Tugtar faoi deara nach dtéann am coigilte sholas an lae (DST) i bhfeidhm ar an dáta céanna i ngach tír ar domhan.

Múinteoir

Is amhránaí agus fidléir í Ellie Nic Fhionnghaile a rugadh agus a tógadh i nGleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall. Bhí sí ina hamhránaí leis na grúpaí ceoil Anúna agus Systir. Tá céim sa Cheol Feidhmeach aici ó Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan agus chaith sí seal ag obair leis Na Píobairí Uileann mar aon le eagrais chultúrtha eile.

Ellie & Brídín Nic Fhionnghaile ag ceol
Ellie Nic Fhionnghaile ag seinm na fidile taobh amuigh d'Oideas Gael