Léim go dtí an príomhábhar

Oideas Gael

An Siopa Gaeilge

Ár nOidhreacht faoi Bhláth

An raibh a fhios agat gurb í Airmid, de shliocht na dTuath Dé Danann, a chuir ord agus eagar ar luibheanna leighis uile an domhain? Go dtugtaí cosaint agus meas ar phlandaí faoi leith de réir seanchóras dlí na mBreithiúna? Go raibh a fhios ag mairnéalaigh na hÉireann cérbh iad na luibheanna a d’fhágfadh iad saor ón ghalar carrach, na céadta bliain sular thosaigh cabhlach na Breataine ar thorthaí citris a choinneáil ar bord loinge?

Féilire cúrsaí

Teideal Suíomh Praghas
Ár nOidhreacht faoi Bhláth Gleann Cholm Cille Gleann Cholm Cille €210 Cláraigh »

Lusanna agus luibheanna i mbéaloideas na hÉireann

Tá seanchas na luibheanna agus na lus ann go tréan in Éirinn. Ó na tagairtí is luaithe i miotaseolaíocht na Gaeilge go dtí na leigheasanna a thug Biddy Early, agus sna cuntaisí atá i mBailiúchán na Scol, feictear gur baineadh leas as na plandaí ar mhaithe le leigheas a thabhairt, mar chuid den obair tí, mar chosaint i gcoinne an osnádúir, agus ar iliomad bealaí eile.

Cuirfidh muid eolas ar ghnéithe éagsúla den oidhreacht chéanna—mar a léirítear í sna finscéalta, sa litríocht, sna piseoga agus sna cuntaisí eile a tháinig anuas chugainn—sa chúrsa seo.

Úsáidfear meascán siúlóidí treoraithe, cur i láthair, teagasc sa seomra ranga, agus taispeántas amuigh faoin aer leis an chúrsa a reáchtáil, ag tapú an deis na plandaí a fheiceáil sna gnáthóga dúchasacha atá acu. Ní bheidh na siúlóidí ródheacair ach beidh muid ag siúl ar chineálacha éagsúla talún: ní mór a chinntiú go mbeidh meánleibhéal corpacmhainne mar aon le héadach maith báistí agus bróga compordacha agat. Cuirtear fáilte roimh rannpháirtithe ar gach leibhéal Gaeilge, ón tosaitheoir go dtí an cainteoir líofa.

Bláth bándearg
Deora Dé