Léim go dtí an príomhábhar

Oideas Gael

An Siopa Gaeilge

An Ghaeilge: Cumarsáid, Comhluadar agus Craic (INTO)

Beidh an cúrsa seo dírithe ar mhúinteoirí bunscoile atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcumas labhartha agus dá réir ar a gcumas chun an teanga a theagasc, nó teagasc tríd an teanga, ag gach leibhéal sa bhunscoil. Is i nGleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall—ceantar Gaeltachta álainn a bhfuil oidhreacht shaibhir chultúrtha ag baint leis—a bheidh an cúrsa seo ar siúl. 

Féilire cúrsaí

Fógraítear cúrsaí EPV san earrach, de ghnáth, i ndiaidh don Roinn Oideachais iad a cheadú.

Tá an cúrsa aitheanta faoin scéim Saoire Phearsanta Bhreise (nó EPV) agus beidh múinteoirí incháilithe a chríochnóidh na cúig lá oiliúna i dteideal laethanta saoire breise. Tá lúcháir ar Oideas Gael a bheith ag obair i bpáirt le Cumann Múinteoirí Éireann (INTO) leis an cúrsa seo a reáchtáil. Cuirfear an cúrsa ar fáil ar tháille laghdaithe speisialta do bhaill an INTO amháin. Iarrfar d’uimhir bhallraíochta INTO ar chlárú don chúrsa duit.

Cothóidh an cúrsa seo muinín na múinteoirí ina gcumas féin mar chainteoirí Gaeilge. Beidh rannpháirtithe an chúrsa ábalta freastal ar rang a bheidh in oiriúint don leibhéal Gaeilge atá acu cheana, rud a fhágann gur féidir le gach múinteoir taitneamh agus tairbhe a bhaint as an chúrsa, is cuma má tá meánleibhéal nó ardleibhéal Gaeilge acu, nó má bhíonn siad neirbhíseach ag labhairt na teanga de ghnáth.

Is iad príomhaidhmeanna an chúrsa:

  • Úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga chumarsáide i measc na n-oidí a chur chun cinn.
  • Cumas éisteachta agus labhartha na rannpháirtithe a fhorbairt go háirithe.
  • Tuiscint na múinteoirí ar a ndaltaí féin mar fhoghlaimeoirí teanga a fhorbairt.
  • Feasacht teanga agus feasacht chultúrtha a chothú sna rannpháirtithe—tuiscint ar thábhacht na teanga agus na Gaeltachta.
  • Tuiscint na múinteoirí ar an Fhéinmheastóireacht Scoile i gcomhthéacs churaclam na Gaeilge a neartú.

Cuid thábhachtach den chúrsa is ea go mbainfidh na rannpháirtithe sult agus taitneamh as foghlaim na Gaeilge agus go mbeidh spéis agus dúil acu sa teanga ag deireadh na seachtaine. Beidh gníomhaíochtaí cultúrtha—ceol, litríocht, rince, drámaíocht, siúlóidí stairiúla, agus mar sin de—fite fuaite leis na ranganna teanga agus leis na himeachtaí oíche.

Ag plé acmhainní Gaeilge don mhúinteoir scoile
Baill de Chumann Múinteoirí Éireann le Siobhán Ní Churraighín (Oideas Gael) agus Dorothy McGinley, Uachtarán CMÉ i 2024
Cúrsa siúl sléibhe ag siúl thart ar Ghleann Cholm Cille