Cúrsa Gaeilge 4 (Bí ag Caint!)
Oiriúnach dóibh siúd a bhfuil roinnt mhaith Gaeilge acu: cuir le do stór focal agus téigh i dtaithí ar ábhair nua a phlé.
Féilire cúrsaí ar líne
Cuirfidh tú le do chuid scileanna teanga sa chúrsa seo trí bheith ag labhairt faoi thopaicí nua nó trí phlé níos doimhne a dhéanamh ar ábhair a bhfuil taithí agat orthu cheana. Beidh na ranganna ag an leibhéal seo ar siúl trí mheán na Gaeilge amháin ach níl sé riachtanach go mbeadh mioneolas gramadaí nó ardscileanna scríofa ag duine le páirt a ghlacadh! Beidh an bhéim ar scileanna comhrá agus cuirfidh múinteoir oilte treoir agus tacaíocht ar fáil le cinntiú go gcuirfidh tú téarmaí agus nathanna úra le do stór focal agus ag tabhairt seans duit soiléiriú a fháil ar cheisteanna ar bith a bheidh agat féin. Bainfidh na rannpháirtithe tairbhe as curaclam saincheaptha, agus ábhar foghlama a chuirfear ar fáil dóibh, a bheidh do mhúinteoir in ann a chur in oiriúint do riachtanais an ghrúpa.
Amchlár
Freastalóidh rannpháirtithe an chúrsa seo ar cheann amháin nó ar an dá dhianchúrsa lae a bheidh ar siúl ar an Satharn, 7 Feabhra agus ar an Satharn 21 Feabhra 2026. Pléifear gnéithe éagsúla den teanga ar an dá lá agus is féidir freastal ar an dara lá fiú muna raibh tú i láthair ag an chéad chúrsa. Baineann na hamantaí ranga agus aon amantaí eile a luaitear ar an suíomh seo leis an am áitiúil in Éirinn (GMT)—tabhair aird air seo, le do thoil, má bhíonn tú ag féachaint ar an fhéilire cúrsaí agus tú i do chónaí thar lear.
