Léim go dtí an príomhábhar

Oideas Gael

Clár An Siopa Gaeilge

Dúchas na Gaeilge

Luí na gréine i gCill Áthnaid

Dóibh siúd ar mian leo barr feabhais agus dul na Gaeilge a chur ar a gcuid cainte agus scríbhneoireachta. Déanfar mionscrúdú ar théacsanna ó chainteoirí dúchais iomráiteacha agus ón litríocht i dtréimhsí éagsúla.

Féilire cúrsaí ar líne

Teideal Praghas
(Cúrsa lae)
Dúchas na Gaeilge — 3.00–8.00pm GMT €50 Cláraigh

Cé air a bhfuil an cúrsa dírithe?

Tá an cúrsa seo dírithe ar dhaoine a bhfuil caighdeán ard acu cheana i dtaca le labhairt agus scríobh na Gaeilge. Beidh sé ag fóirstean dóibh siúd ar mian leo cora cainte dúchasacha na Gaeilge a bheith ar a dtoil acu, Béarlachas a aithint agus a sheachaint, an teanga a shaothrú i réimsí úra dá saol, agus dul i ngleic le mioncheisteanna a bhaineann le cúrsaí stíle agus réime.

Ábhar agus cur chuige

Úsáidfear eiseamláirí den dea-chaint agus den deisbhéalaíocht, i bhfoirm téacsanna scríofa agus éisteachta ilchineálacha, mar thaca le clár staidéir idirghníomhaíoch. Seo cuid de na nithe a bheidh i gceist sa chúrsa:

  • mionscrúdú ar théacsanna ó chainteoirí dúchais agus ón litríocht i dtréimhsí éagsúla;
  • saíocht agus sainghnéithe de thraidisiún liteartha na Gaeilge a aithint;
  • saibhriú foclóra, le béim faoi leith ar stór focal a chuidíonn leis an rannpháirtí an Ghaeilge a úsáid i réimsí saoil nua;
  • plé agus léirmhíniú ar cheisteanna suimiúla gramadaí, go háirithe iad siúd a bhaineann le réim teanga, débhríocht, agus cruthaitheacht;
  • cleachtaí cainte agus scríbhneoireachta a mbeidh idir obair bheirte agus obair ghrúpa iontu.

Amchlár

Beidh an dianchúrsa lae seo ar siúl ar an Satharn 21 Samhain 2026. Baineann na hamantaí ranga agus aon amantaí eile a luaitear ar an suíomh seo leis an am áitiúil in Éirinn—tabhair aird air seo, le do thoil, má bhíonn tú ag féachaint ar an fhéilire cúrsaí agus tú i do chónaí thar lear.

Múinteoir

Is é Dubhán Ó Longáin a cheap an cúrsa seo agus a bheidh i mbun an teagaisc. Bhronn Ollscoil Uladh dochtúireacht air de thairbhe a chuid taighde ar na laoithe Fiannaíochta. Tá idir fhilíocht agus ghearrscéalaíocht foilsithe ag Dubhán agus duaiseanna aige sa dá réimse. IDEO Locator (2020) an teideal atá ar a chéad chnuasach filíochta agus foilsíodh gearrscéalta agus cuid mhór léirmheasanna leis i ndíolaimí agus i dftréimhseacháin éagsúla. Tá sé ag obair ar chnuasaigh eile faoi láthair.

Luí na gréine i gCill Áthnaid