Péintéireacht agus Sceitseáil

Cibé acu más ag tosú amach leis an líníocht atá tú nó ag filleadh ar an phéintéireacht tar éis na mblianta, cuireann an cúrsa oíche seo treoir chineálta, spreagadh praiticiúil agus atmaisféar suaimhneach ar fáil ina mbeidh tú ábalta a bheith ag foghlaim agus ag cruthú ar do luas féin.
Féilire cúrsaí
- –
- Péintéireacht agus Sceitseáil (7.00–9.00pm) Gleann Cholm Cille Gleann Cholm Cille €50 Cláraigh
Dírítear cúrsaí Oideachais Pobail ar dhaoine fásta de gach aois atá ina gcónaí in Iardheisceart Dhún na nGall. Cuireann na ranganna deiseanna oideachais agus deiseanna sóisialta ar fáil dóibh siúd ar mian leo scil úr a fhoghlaim nó ceird a chleachtadh i dtimpeallacht atá idir chairdiúil agus spreagúil.
Thar ocht seachtainí, cuirfidh tosaitheoirí eolas ar bhunteicnící na péintéireachta agus gheobhaidh péintéirí a bhfuil taithí acu cheana treoir agus comhairle i dtaca lena dtograí pearsanta féin. Úsáidfear meascán den léiriú praiticiúil agus teagasc duine-ar-dhuine chun bunphrionsabail na ceadapóireachta, dathanna a mheascadh, agus obair leis an scuab a fhiosrú diaidh ar ndiaidh.
Tá an cúrsa seo á mhaoiniú ag an tSeirbhís Tacaíochta Oideachais Pobail, Coláiste Dhún na nGall.
Clár ama
Beidh na ranganna ar siúl 7.00–9.00pm oíche Luain ag tosú ar an 28 Meán Fómhair 2026. Beidh sos lár téarma ann i ndiaidh Seachtain 4, rud a fhágann nach mbeidh aon rang ar an 26 Deireadh Fómhair. Is ar an 23 Samhain a bheidh rang deiridh an chúrsa ar siúl. Tá ocht rang mar aon le sólaistí gach oíche san áireamh le táille an chúrsa.
Múinteoirí
Roinnfidh beirt ealaíontóirí ghairmiúla cúram an chúrsa seo. Tá Conal Mac a’ tSaoir ina phéintéir agus ina mhúinteoir ealaíne a bhfuil taithí aige ar a bheith ag obair le go leor meán éagsúil. Ealaíontóir comhaimseartha í Ana Stromberg, atá ina cónaí agus i mbun oibre i nGleann Cholm Cille.


