Cúrsa Gaeilge 2 (Cúpla Focal)
Dóibh siúd a bhfuil taithí áirithe acu ag foghlaim na teanga ach ar mhaith leo cur lena dtuiscint ar na bunchéimeanna.
Féilire cúrsaí ar líne
Cuirfidh tú leis an Ghaeilge atá agat cheana féin agus beidh níos mó ná an cúpla focal agat faoi dheireadh an chúrsa seo. Beidh tú ag labhairt faoi do chuid caitheamh aimsire, do shaol laethúil, bia agus deoch, nó ábhair eile mar iad. Cuirfidh tú eolas níos fearr ar bhriathra na Gaeilge agus beidh tú in ann níos mó abairtí a chumadh tú féin. Bainfidh na rannpháirtithe buntáiste as curaclam saincheaptha, agus ábhar foghlama a chuirfear ar fáil dóibh, a bheidh do mhúinteoir in ann a chur in oiriúint do riachtanais an ghrúpa. Beidh neart deiseanna agat an méid a fhoghlaimeoidh tú a chleachtadh i dtimpeallacht a bheidh struchtúrtha agus taitneamhach.
Amchlár
Freastalóidh rannpháirtithe an chúrsa seo ar cheann amháin nó ar an dá dhianchúrsa lae a bheidh ar siúl ar an Satharn, 7 Feabhra agus ar an Satharn 21 Feabhra 2026. Pléifear gnéithe éagsúla den teanga ar an dá lá agus is féidir freastal ar an dara lá fiú muna raibh tú i láthair ag an chéad chúrsa. Baineann na hamantaí ranga agus aon amantaí eile a luaitear ar an suíomh seo leis an am áitiúil in Éirinn (GMT)—tabhair aird air seo, le do thoil, má bhíonn tú ag féachaint ar an fhéilire cúrsaí agus tú i do chónaí thar lear.
