Léim go dtí an príomhábhar

Oideas Gael

An Siopa Gaeilge

Scoil Samhraidh Teanga agus Cultúir

Dírítear lena linn seo, ar príomhchúrsa aitheanta dár gcuid í, ar fhoghlaim na teanga gach maidin trí sheisiúin teagaisc ag leibhéil éagsúla; tráthnóna cuirtear ar fáil ceardlanna i réimse leathan imeachtaí, macasamhail feadóg, damhsa seite, amhránaíocht ar an sean-nós, siúl sléibhe agus grúpaí staidéir ag breithniú gnéithe faoi leith de chultúr na Gaeilge.

Féilire cúrsaí

Teideal Suíomh Praghas
Scoil Samhraidh Teanga agus Cultúir Gleann Cholm Cille Gleann Cholm Cille €260 Cláraigh »

Bíonn leagan amach ar leith ar an tseachtain speisialta seo achan bhliain. Bíonn deis ag na rannpháirtithe snas a chur ar a gcuid scileanna teanga ar maidin Luan–Aoine agus ranganna Gaeilge ar fáil ag ocht leibhéal éagsúla. Thig dul i ngleic le gnéithe difriúla de chultúr na nGael agus de chultúr na hEorpa um thráthnóna (Domhnach–Aoine) agus rogha ceardlann ar fáil ag plé le hábhair mar sheinm an cheoil, an damhsa seite, an siúl sléibhe, an drámaíocht, an stair, an amhránaíocht ar an sean-nós, ceirdeanna, agus tuilleadh nach iad. Bíonn clár imeachtaí ar leith ar siúl san oíche, idir cheolchoirmeacha, chéilí, léachtaí le haoi-chainteoirí aitheanta, léamha filíochta, ábhar grinn agus mar sin de. Ní sárú ar an saibhreas ná an spraoi a bhaineann le Scoil Samhraidh Oideas Gael ó bhliain go bliain.

Na ceoltóirí Meaghan Haughian agus Liam Ó Néill ag seinm taobh amuigh d'Oideas Gael le linn na Scoile Samhraidh
Baill de Chlann Mhic Ruairí ag seinm i Halla Muire
Deirbhile Ní Churraighín, Carrie Crowley & Liam Ó Cuinneagáin ag taispeántas den scannán An Cailín Ciúin in Oideas Gael