Léim go dtí an príomhábhar

Oideas Gael

An Siopa Gaeilge

Scileanna Sléibhe (MS1 & MS2)

Cúrsaí oiliúna trí mheán na Gaeilge dóibh siúd ar mian leo a gcuid tuisceana, cumais agus féinmhuiníne i leith na sléibhteoireachta a fhorbairt. Is féidir na cúrsaí seo a áireamh i dtreo cáilíochtaí MS1 agus MS2 (Sléibhteoireacht Éireann).

Féilire cúrsaí

Teideal Suíomh Praghas
Scileanna Sléibhe (MS1) Gleann Cholm Cille Gleann Cholm Cille €150 Cláraigh »
Scileanna Sléibhe (MS2) Gleann Cholm Cille Gleann Cholm Cille €150 Cláraigh »

An bhfuil suim agat a bheith ag cnocadóireacht agus ar mhaith leat do chuid féinmhuiníne sna sléibhte a fhorbairt? Ag deireadh na gcúrsaí seo beidh tú in ann do bhealach a dhéanamh fríd na sléibhte go cruinn agus go sábháilte. Cuirfidh tú eolas ar an trealamh riachtanach agus ar na contúirtí a d'fhéadfadh a bheith ann, conas iad a sheachaint agus conas teacht slán astu. Sléibhte áille maorga Leithinis Shliabh Liag i gContae Dhún na nGall a bheidh mar láthair oiliúna agat.

Scéim oiliúna náisiúnta é Scileanna Sléibhe ina bhfuil dhá chlár staidéir faoi leith: Scileanna Sléibhe 1 (MS1) agus Scileanna Sléibhe 2 (MS2). Is gá seal a chaitheamh sna cnoic faoi stiúir treoraí aitheanta chun na cáilíochtaí a bhaint amach agus beidh tú in ann na cúrsaí seo de chuid Oideas Gael a áireamh chuige sin.

Beidh an Ghaeilge mar theanga chumarsáide an chúrsa ach ní gá aon réamheolas a bheith agat ar na téarmaí a bhaineann le cúrsaí sléibhteoireachta.

Scileanna Sléibhe (MS1) — Márta

Díreoidh an cúrsa praiticiúil seo ar léarscáileanna a léamh agus ar bhunteicnící chun do bhealach a aimsiú: codanna den tírdhreach a aithint, fad an turais a mheas, an timpeallacht sléibhe agus ceisteanna a bhaineann le cead slí. Pléifear contúirtí ar na sléibhte mar aon leis an trealamh pearsanta ceart agus trealamh garchabhrach.

Tiocfaidh na rannpháirtithe go Gleann Cholm Cille oíche Aoine agus is ón Satharn–Luan a bheidh na siúlóidí agus na ranganna á reáchtáil. Beidh an cúrsa thart faoi 1pm ar an Luan.

Scileanna Sléibhe (MS2) — Meán Fómhair

Forbróidh an cúrsa seo na scileanna a fhoghlaimítear in MS1 agus clúdófar an compás a úsáid, bealach a phleanáil, uirlisí loingseoireachta, cnocadóireacht san oíche agus faoi dhroch-radharc, gluaiseacht ar thalamh atá géar nó briste, tarrtháil sléibhe agus nósanna éigeandála.

Tiocfaidh na rannpháirtithe go Gleann Cholm Cille oíche Aoine agus is ar an Satharn agus an Domhnach a bheidh imeachtaí an chúrsa ar siúl. Beidh an cúrsa thart faoi 4pm ar an Domhnach.

Stiúrthóir an Chúrsa

Ceannaire Sléibhe láncháilithe é Maitiú Ó Coimín, a bhfuil taithí na mblianta aige ar an tsléibhteoireacht agus ar an spórt uisce in Éirinn agus thar lear. Is iriseoir é le Tuairisc.ie.

Grúpa siúl sléibhe agus a lámha san aer, An Port sa chúlra
Cnocadóir os comhair sliabh atá faoi scamall
Grúpa ag siúl síos Cosán an Oilithrigh, Sliabh Liag
Cosán an Aonduine, Sliabh Liag