Léim go dtí an príomhábhar

Oideas Gael

An Siopa Gaeilge

An Chláirseach

Beirt rannpháirtithe ag seinm na cláirsí lasmuigh d'Oideas Gael

Cláirseoir den scoth atá i mbun an teagaisc ar an chúrsa seo atá dírithe ní amháin ar fheabhsaitheoirí ach a dhéanann cúram de thosaitheoirí chomh maith. Ar ábhar an chúrsa áirítear ranganna ar stair na cláirsí Éireannaí, ceardlanna faoi theicnící seanma, foinn nua a fhoghlaim agus seinm i gcuideachta ceoltóirí eile.

Féilire cúrsaí

Teideal Suíomh Praghas
An Chláirseach Gleann Cholm Cille Gleann Cholm Cille €210 Cláraigh
An Chláirseach Gleann Cholm Cille Beagnach lán Cláirseach de dhíth Gleann Cholm Cille €210 Cláraigh

Tá an cúrsa seo dírithe ar fhoghlaimeoirí agus ar fheabhsaitheoirí a bhfuil suim acu bunscileanna cheol an chláirsigh a fhoghlaim ó theagascóir agus múinteoir gairmiúil. Bainfear úsáid as seisiúin i ngrúpaí agus teagasc duine ar dhuine chun na scileanna seo a láidriú agus a dhaingniú. Bainfidh na rannpháirtithe sult as foinn éagsúla ón traidisiún Gaelach a fhoghlaim sna ceachtanna laethúla.

  • Rachaidh tosaitheoirí i dtaithí ar sheinm na huirlise traidisiúnta Éireannaí seo trí mhodh taitneamhach teagaisc agus foghlama. Tapóidh siad an deis foinn Éireannacha a fhoghlaim agus a chur i láthair i gcuideachta ceoltóirí eile.
  • Cuirfidh feabhsaitheoirí lena dtaisce ceoil agus bainfidh siad sult as a bheith ag seinm le cláirseoirí eile agus iad ag cur snasa ar a gcuid teicnící ceoil.

Díreoidh seisiúin eile ar bhunscileanna tionlacain amhrán, agus spléachadh ar stair na huirlise.

Fáil ar Chláirsigh

Cuirfidh Oideas Gael líon teoranta cláirseach ar fáil do rannpháirtithe an chúrsa. Tugtar le fios ar an fhoirm clárúcháin más mian leat leas a bhaint as ceann de na huirlisí atá againn. Taispeánfar an lipéad ‘Cláirseach de dhíth’ in aice leis an chúrsa inár bhféilire sa chás gur roinneadh na huirlisí uilig cheana féin. Más amhlaidh atá, beidh fáilte fós roimh rannpháirtithe breise ar an chúrsa atá in ann a n‑uirlis féin a bhreith leo. Ní thig le hOideas Gael a dheimhniú go mbeidh cláirseach ar fáil muna n‑iarrtar ceann orainn roimh ré.

Beirt rannpháirtithe ag seinm na cláirsí lasmuigh d'Oideas Gael
Ranganna ceoil de chuid Oideas Gael i Scoil an Choimín
An rang cláirsí i mbun ceolchoirme