Léim go dtí an príomhábhar

Oideas Gael

Clár An Siopa Gaeilge

Cúrsa Gaeilge 5 (Ardleibhéal)

Cuir snas ar do chuid scileanna teanga sa chúrsa seo do chainteoirí cumasacha a bhfuil deis cleachtaidh de dhíth orthu.

Féilire cúrsaí ar líne

Tá an cúrsa seo thart. Fógrófar clár cúrsaí na bliana seo chugainn idir Deireadh Fómhair–Samhain.

Tá an cúrsa seo dírithe orthu siúd a bhfuil Gaeilge mhaith acu, nó a bhfuil go leor staidéir déanta acu ar an Ghaeilge, ach a bhfuil deiseanna cleachtaidh agus comhrá de dhíth orthu. Cuirfidh tú snas ar do chuid scileanna teanga trí thopaicí níos casta a phlé. Úsáidfear meascán téacsanna éisteachta, físe agus scríofa leis an chomhrá a spreagadh agus beidh idir chúrsaí reatha, chúrsaí litríochta agus chúrsaí an tsaoil faoi chaibidil. Beidh plé áirithe ar an ghramadach ach ní cúrsa i gcruinnscríobh na Gaeilge a bheidh ann: díreofar ar na scileanna teanga uilig ach cuirfear béim ar dheiseanna comhrá a thabhairt do na rannpháirtithe. Bainfidh na rannpháirtithe tairbhe as curaclam saincheaptha, agus ábhar foghlama a chuirfear ar fáil dóibh, a bheidh do mhúinteoir in ann a chur in oiriúint do riachtanais an ghrúpa.

Amchlár

Freastalóidh rannpháirtithe an chúrsa seo ar cheann amháin nó ar an dá dhianchúrsa lae a bheidh ar siúl ar an Satharn, 7 Feabhra agus ar an Satharn 21 Feabhra 2026. Pléifear gnéithe éagsúla den teanga ar an dá lá agus is féidir freastal ar an dara lá fiú muna raibh tú i láthair ag an chéad chúrsa. Baineann na hamantaí ranga agus aon amantaí eile a luaitear ar an suíomh seo leis an am áitiúil in Éirinn (GMT)—tabhair aird air seo, le do thoil, má bhíonn tú ag féachaint ar an fhéilire cúrsaí agus tú i do chónaí thar lear.

Beirt ag amharc amach ar Bhun Glas, Sliabh Liag