Léim go dtí an príomhábhar

Oideas Gael

Clár An Siopa Gaeilge

Comhrá Gaeilge

Daoine ag comhrá

Cuir le do líofacht sa Ghaeilge ó lá go lá. Cúrsa dóibh siúd a bhfuil giota beag Gaeilge caillte acu, a bhfuil cleachtadh de dhíth orthu, nó ba mhaith leo a bheith ar a suaimhneas ag labhairt na teanga.

Féilire cúrsaí

Teideal Praghas
Comhrá Gaeilge (7.00–8.30pm) €40 Cláraigh

Dírítear cúrsaí Oideachais Pobail ar dhaoine fásta de gach aois atá ina gcónaí in Iardheisceart Dhún na nGall. Cuireann na ranganna deiseanna oideachais agus deiseanna sóisialta ar fáil dóibh siúd ar mian leo scil úr a fhoghlaim nó ceird a chleachtadh i dtimpeallacht atá idir chairdiúil agus spreagúil.

Sa chúrsa seo déanfaidh tú plé ar ábhair éagsúla a bhaineann le gnáthchúrsaí an tsaoil. Cuirfear béim ar do stór focal a leathnú agus ar do chumas chun cumarsáid a dhéanamh a neartú. Bainfidh na rannpháirtithe buntáiste as curaclam speisialta, agus ábhar foghlama a chuirfear ar fáil dóibh, a bheidh do mhúinteoir in ann a chur in oiriúint do riachtanais an ghrúpa. Beidh neart craic agus deiseanna cainte ann fosta!

Tá an cúrsa seo á mhaoiniú ag Béal an Phobail.

Clár ama

Beidh na ranganna ar siúl 7.00–8.30pm oíche Mháirt ag tosú ar an 29 Meán Fómhair 2026. Beidh sos lár téarma ann i ndiaidh Seachtain 4, rud a fhágann nach mbeidh aon rang ar an 27 Deireadh Fómhair. Is ar an 24 Samhain a bheidh rang deiridh an chúrsa ar siúl. Tá ocht rang mar aon le sólaistí gach oíche san áireamh le táille an chúrsa.

Daoine ag comhrá
Múinteoir Anna ag plé filíochta leis an rang
Béal an Phobail