Léim go dtí an príomhábhar

Oideas Gael

An Siopa Gaeilge

Seandálaíocht

Le blianta beaga anuas, díríonn curaclam Scoil Samhraidh Seandálaíochta an Ath. James McDyer, atá breis is 40 bliain ar an fhód anois, ar rannpháirithe nua a mhealladh, mar aon leis na mic léinn siúd ar mian leo filleadh ar mhaithe le tabhairt faoi staidéar níos cuimsithí.

Féilire cúrsaí

Teideal Suíomh Praghas
Seandálaíocht Gleann Cholm Cille Gleann Cholm Cille €210 Cláraigh »

Is i nGleann Cholm Cille agus sa cheantar máguaird in iardheisceart Thír Chonaill atá cuid de na struchtúir réamhstairiúla agus luathstairiúla is spéisiúla in Éirinn (san Eoraip, a mhaífeadh daoine áirithe). Tá an tírdhreach álainn shaibhir seo breac le séadchomharthaí ón tréimhse luath Neoiliteach (c. 4000BC); na cromleaca ollmhóra ag an Mhálainn Mhóir, agus na tuamaí cúirte mórthaibhseacha ag an Chlochán Mór agus ag Fearann Mac Giolla Bhríde, ina measc. Ba chuí an logainm a thugtaí ar an cheantar seo tráth - Senglenn (‘seanghleann’) - gan aon amhras.

Athraíodh an logainm sin sa ré mheánaoiseach (thart ar AD500-1600), áfach, in onóir duine de phríomhnaoimh na hÉireann: Colm Cille (sa Ghaeilge) nó Columba (sa Laidin). Tá sé sa bhéaloideas gur tháinig an naomh (c. AD520–593) chun an ghleanna agus gur bhunaigh sé eaglais ann. Oidhreacht thábhachtach ón Chríostú úd atá sa bhraisle crosleac atá ann go fóill (agus cuid acu chomh sean le AD800) mar aon le gnéithe eaglasta eile atá le fáil ar fud an ghleanna. Oidhreacht eile atá sa Turas nó oilithreacht a dhéantar ó shuíomh go suíomh sa ghleann, ar an 9 Meitheamh go príomha, an lá ar cailleadh an naomh agus lá a fhéile.

Dírítear an Scoil Samhraidh seo, agus í suite ar láthair rí-oiriúnach mar atá sa Ghleann, ar dhaoine fásta ar spéis leo seandálaíocht agus stair ársa na hÉireann. Ní gá réamheolas ar bith, díreach spéis sa téama agus fonn a bheith rannpháirteach sna seisiúin ar an láthair agus muid ag breithniú ar fhianaise na séadchomharthaí agus ar an chomhthéacs atá acu. Le cois na séadchomharthaí áitiúla, gheobhfar léargas ar sheandálaíocht na hÉireann i gcoitinne sa chúrsa seo.

Beidh roinnt fothéamaí ag eascairt as na láithreacha a dtabharfar cuairt orthu, téamaí a ndéanfar cíoradh orthu sna léachtaí agus sna seisiúin plé: (i) an tírdhreacha mar 'théacs' le léamh; (ii) an próiseas 'claochlaithe' trínar thiontaigh Éire na bpágánach Ceilteach go cultúr bisiúil Críostaí; (iii) na fadhbanna eiticiúla agus praiticiúla a bhaineann le caomhnú agus 'athchóiriú' séadchomharthaí ársa; agus (iv) mar a chuireann an tseandálaíocht ársa leis an phlé reatha ar an athrú aeráide.

Bíonn ranganna ar maidin agus tráthnóna ag na séadchomharthaí féin, diomaite de chuairt nó dhó ar láithreacha lasmuigh den Ghleann. Lena chois sin, beidh imeachtaí éagsúla ar siúl san oíche - go háirithe sraith léachtaí a thabharfaidh cúlra agus comhthéacs do na séadchomharthaí - agus, ar ndóigh, deis chun a bheith páirteach sa cheol, sa chraic agus sa chaidreamh iarscoile a shamhlaítear leis an Scoil Samhraidh seo ón uair a bhunaigh an tAth. James McDyer, nach maireann, í i gcomhpháirt leis an Ollamh Michael Herity sa bhliain 1985.

Tabhair do d'aire: Moltar do na rannpháirtithe éadaí maithe báistí agus buataisí siúil a bheith acu. Déantar an Scoil a reáchtáil ar bhonn dátheangach ach beidh gnéithe áirithe den chlár, na léachtaí go háirithe, ar siúl trí mheán an Bhéarla.

Tuama ursanach (cromleac) ag Cill Chluanadh, An Fhearthainn, Tír Chonaill
Túr Comharthaíochta ó aimsir Napoleon, Cionn an Charraigín, Teileann
Ealaín ar stad de chuid Thuras Cholm Cille
Séipéal Cholm Cille, Turas Cholm Cille