Léim go dtí an príomhábhar

Oideas Gael

An Siopa Gaeilge

Lóistín i dToraigh

Agus tú ag freastal ar chúrsa ar Thoraigh is iad seo a leanas na roghanna atá Oideas Gael ábalta a chur in áirithe duit. Nuair a dhéanfaidh tú clárú ar an chúrsa, cuirfidh tú in iúl dúinn an rogha lóistín ab fhearr leat mar chuid den phróiseas áirithinte. Ní ghearrfar táille lóistín ort láithreach, áfach: íocfaidh tú as an lóistín le linn do shaoire le hOideas Gael nó go díreach leis an ionad lóistín féin.

Fógra

Níl ach líon áirithe seomraí ag gabháil le gach ceann de na roghanna thíos. Déanfaidh Oideas Gael a dhícheall le cinntiú go gcuirfear tú sa rogha lóistín ab fhearr leat ach ní thig linn a dheimhniú go mbeidh sin ar fáil. Is fiú, ar an ábhar sin, clárú go luath don chúrsa.

Óstán

Leis an rogha seo, fanfaidh tú i seomra óstáin en suite. Tá teach tábhairne agus bialann san óstán. Íocfaidh tú an t-óstán go díreach le linn do shaoire.

Seomra dúbailte nó dhá leaba €480 an duine (7 oíche - Cúrsa Gaeilge)
€415 an duine (6 oíche - Saibhreas na Gaeilge)
Seomra singil €595 an duine (7 oíche - Cúrsa Gaeilge)
€510 an duine (6 oíche - Saibhreas na Gaeilge)

Leaba agus bricfeasta

Leis an rogha seo, beidh tú ag fanacht le teaghlach Gaeltachta i dtithe a roghnaítear go speisialta agus cuirfear bricfeasta ar fáil. Cuirfear lón agus dinnéar ar fáil fosta i dtithe áirithe.

Seomra dúbailte nó dhá leaba (bricfeasta amháin) €315 an duine sa tseachtain
Seomra singil (bricfeasta amháin) €420 sa tseachtain (teorainn le líon na seomraí)

Teach á roinnt

Leis an rogha seo, fanfaidh tú i dteach a roinnfidh tú le rannpháirtithe eile a bheidh ar an chúrsa. Beidh cistin chomhchoiteann agus áiseanna eile ann. Tá roinnt bheag tithe mar seo ar an oileán. Seo a leanas praghas táscach don bhliain 2026 (d'fhéadfadh praghas faoi leith a bheith ann ag brath ar na socruithe):

Praghas an duine €280 an duine sa tseachtain

Áiseanna eile ar Thoraigh

Gailearaí Dixon Dánlann
+353 (0)74 913 5011
Club Sóisialta Oileán Thoraí Bia ar fáil
anclubthorai@gmail.com
+353 (0)86 192 8114
Óstán Oileán Thoraí Bia ar fáil
toryhotel.info@gmail.com
+353 (0)86 251 2601
Anton Meenan Siúlóidí treoraithe
+353 (0)83 851 0991
Off the Beaten Path Turais ar rothar leictreach
+353 (0)86 192 8114
Slí Mara Thoraí Teo. Turais farraige agus iascaireachta
+353 (0)83 064 8174

Is féidir tuilleadh eolais i dtaca le háiseanna agus saol an oileáin a fháil ó Chomharchumann Thoraí Teo:

Comharchumann Thoraí Teo. toryisland.ie
ccthorai@gmail.com
+ 353 (0)74 913 5502
Toraigh, comhartha do Shlí an Atlantaigh Fhiáin
Grúpa lasmuigh d'Óstán Thoraí
An Baile Thiar, Toraigh, radharc anoir