Léim go dtí an príomhábhar

Oideas Gael

Clár An Siopa Gaeilge

Teileann

Bun Glas, Sliabh Liag

Ag bun Shliabh Liag, áit a bhfuil cuid de na haillte mara is airde san Eoraip, ar an taobh ó dheas de Ghleann Cholm Cille atá Teileann.

Tá clú ar an cheantar láidir Gaeltachta seo as saibhreas a thraidisiúin bhéaloidis agus as an stór seanchais, amhrán agus scéalta a coinníodh beo ann leis na glúnta. Anseo a rugadh agus tógadh an bailitheoir béaloidis aitheanta Seán Ó hEochaidh. Tá toibreacha beannaithe, logainmneacha ársa agus suíomhanna oidhreachta eile ar fud an cheantair, rud a léiríonn doimhneacht an traidisiúin ann agus an ceangal atá idir an pobal agus an tírdhreach.

Tá an ceol agus an amhránaíocht mar chuid lárnach de shaol cultúrtha an phobail go fóill agus spreagann oidhreacht na gceoltóirí iomráiteacha a tháinig as an cheantar an chéad ghlúin eile i gcónaí.

Mar aon le saibhreas teanga agus cultúir na háite, tá réimse gníomhaíochtaí agus áiseanna ar fáil i dTeileann agus sa cheantar máguaird. Ó shiúlóidí agus turais bháid ag Sliabh Liag go saoráidí folláine, lóistín, campáil agus bialanna, beidh neart deiseanna ag rannpháirtithe eolas níos fearr a chur ar an cheantar agus sult a bhaint as a bhfuil le tairiscint aige lasmuigh de na ranganna.

Coláiste Aoidh Mhic Bhricne

Is é Coláiste Aoidh Mhic Bhricne a bheidh mar ionad do chúrsaí Oideas Gael i dTeileann. Is cinnte go bhfuil cuimhní geala ag mórán daoine ar fud Chúige Uladh, go háirithe, ar na laethanta a chaith siad sa choláiste samhraidh a bhí anseo agus iad ina ndéagóirí. Ainmníodh an Coláiste in ómós d’Aodh Mac Bricne, naomh luath-Chríostaí a bhfuil dlúthbhaint aige le Sliabh Liag.

Táthar anois ag obair chun Coláiste Aoidh Mhic Bhricne a athnuachan mar lárionad teanga agus cultúir don phobal áitiúil agus do chuairteoirí araon. Mar chuid den iarracht sin, beidh cúrsaí á dtairiscint ag Oideas Gael san ionad den chéad uair sa bhliain 2027, ag cur leis an traidisiún fada foghlama agus éigse atá bainteach leis an áit.

Bun Glas, Sliabh Liag
Cuan Theilinn
Coláiste Aoidh Mhic Bhricne, Teileann

Coláiste Aoidh Mhic Bhricne, Teileann