Dúchas na Gaeilge

This course is directed at fluent speakers who wish to engage with Ireland’s rich linguistic heritage.
Online course calendar
- (Day course)
- Dúchas na Gaeilge — 3.00–8.00pm GMT €50 Book now
Cé air a bhfuil an cúrsa dírithe?
Tá an cúrsa seo dírithe ar dhaoine a bhfuil caighdeán ard acu cheana i dtaca le labhairt agus scríobh na Gaeilge. Beidh sé ag fóirstean dóibh siúd ar mian leo cora cainte dúchasacha na Gaeilge a bheith ar a dtoil acu, Béarlachas a aithint agus a sheachaint, an teanga a shaothrú i réimsí úra dá saol, agus dul i ngleic le mioncheisteanna a bhaineann le cúrsaí stíle agus réime.
Ábhar agus cur chuige
Úsáidfear eiseamláirí den dea-chaint agus den deisbhéalaíocht, i bhfoirm téacsanna scríofa agus éisteachta ilchineálacha, mar thaca le clár staidéir idirghníomhaíoch. Seo cuid de na nithe a bheidh i gceist sa chúrsa:
- mionscrúdú ar théacsanna ó chainteoirí dúchais agus ón litríocht i dtréimhsí éagsúla;
- saíocht agus sainghnéithe de thraidisiún liteartha na Gaeilge a aithint;
- saibhriú foclóra, le béim faoi leith ar stór focal a chuidíonn leis an rannpháirtí an Ghaeilge a úsáid i réimsí saoil nua;
- plé agus léirmhíniú ar cheisteanna suimiúla gramadaí, go háirithe iad siúd a bhaineann le réim teanga, débhríocht, agus cruthaitheacht;
- cleachtaí cainte agus scríbhneoireachta a mbeidh idir obair bheirte agus obair ghrúpa iontu.
Amchlár
Beidh an dianchúrsa lae seo ar siúl ar an Satharn 21 Samhain 2026. Baineann na hamantaí ranga agus aon amantaí eile a luaitear ar an suíomh seo leis an am áitiúil in Éirinn—tabhair aird air seo, le do thoil, má bhíonn tú ag féachaint ar an fhéilire cúrsaí agus tú i do chónaí thar lear.
Múinteoir
Is é Dubhán Ó Longáin a cheap an cúrsa seo agus a bheidh i mbun an teagaisc. Bhronn Ollscoil Uladh dochtúireacht air de thairbhe a chuid taighde ar na laoithe Fiannaíochta. Tá idir fhilíocht agus ghearrscéalaíocht foilsithe ag Dubhán agus duaiseanna aige sa dá réimse. IDEO Locator (2020) an teideal atá ar a chéad chnuasach filíochta agus foilsíodh gearrscéalta agus cuid mhór léirmheasanna leis i ndíolaimí agus i dftréimhseacháin éagsúla. Tá sé ag obair ar chnuasaigh eile faoi láthair.
