Bealaí le clárú ar chúrsa
- Ar líne le cárta creidmheasa: Líon isteach agus seol an fhoirm ar an leathanach seo. Seolfar deimhniú áirithinte chugat ar an ríomhphost.
- Tríd an ríomhphost: oifig@oideasgael.ie
- Ar an ghuthán: +353 (0)74 97 30248
- Le gnáthphost: Íoslódáil ár mbróisiúr (PDF),
priontáil an fhoirm clárúcháin agus cuir sa phost chuig: Oideas Gael
Gleann Cholm Cille
Contae Dhún na nGall
F94 R94W
Éire
Tiontaire airgeadraí uait?
Molann muid XE.com
(Osclófar an nasc faoi chluaisín nua.)
Ordú a chur ar ceal
Má chuirtear an t-ordú ar ceal faoi 4 seachtaine roimh thús an chúrsa, gheobhaidh tú do chuid airgid ar ais lúide €20 táille láimhseála nó is féidir do chuid airgid a chur i dtreo cúrsa eile.
Faoi choicís roimh thús an chúrsa, is féidir 75% den táille cúrsa a chur i dtreo cúrsa eile nó aisíocaíocht a fháil i leith 50% de na táillí a íocadh.
D'fhéadfadh táille cealaithe lóistín nó iomlán an táille lóistín a bheith le híoc má chuir tú lóistín in áirithe trí Oideas Gael agus cuireann tú an t‑ordú ar ceal taobh istigh de sheachtain roimh thús an chúrsa.