An Bodhrán

Tá deis ag lucht foghlama bodhráin páirt a ghlacadh i gcúrsaí deireadh seachtaine ag déanamh staidéir ar theicnící éagsúla. Bí ag foghlaim conas tionlacan a dhéanamh a oirfidh do cheoltóirí aonair agus do bhuíon atá ag seinm i seisiún, agus conas a bheith ag seinm ar an luas atá riachtanach do chornphíopa, port, ríl, masúrca agus polca. Ard-deireadh seachtaine a bheidh ann, gan aon amhras.

FÉILIRE
Teideal Suíomh Praghas
Dé hAoine, 3 Bealtaine 2024 — Dé Luain, 6 Bealtaine 2024
An Bodhrán Gleann Cholm Cille €120 Cláraigh

Seo cúrsa gearr deireadh seachtaine le deis a thabhairt don fhoghlaimeoir na bunscileanna a shealbhú agus a bheith ag cleachtadh le ceoltóirí eile. Bíonn craic agus spraoi ag an ghrúpa agus is cinnte go mbeidh tú ag buaileadh le fuinneamh faoi dheireadh an chúrsa.

Cuireann muidne bodhráin ar fáil más fearr leat gan do cheann féin a thabhairt leat nó muna bhfuil ceann agat (go fóill!).