Cláir do Ghrúpaí

Eagraítear cúrsaí Gaeilge le linn na bliana ar iarratas speisialta. Cuireann muid pacáistí oiriúnaithe ar fáil go speisialta do gach grúpa aonair. Bí i dteagmháil linn chun spéiseanna agus riachtanais do ghrúpa féin a phlé gan aon iachall a bheith ort.

Cuireann Oideas Gael cláir staidéir do ghrúpaí nó cláir sheimeastair ar fáil d'ollscoileanna, comhlachtaí, clubanna sóisialta agus eagraíochtaí eile ar mian leo tabhairt faoi shainchúrsa a bhaineann leis an Ghaeilge, le cultúr na hÉireann, leis an cheol traidisiúnta, leis an tseandálaíocht, leis an chomhshaol, leis an bhéaloideas, leis an fhíodóireacht nó le réimsí eile.

Eagraítear cúrsaí cumaisc fosta i gcás socrú speisialta. Is féidir lóistín agus taisteal a eagrú de réir riachtanais an ghrúpa. Cuirtear na cúrsaí seo ar fáil lasmuigh dár ngnáthsceideal samhraidh; mar sin, bíonn deis iontach ag na foghlaimeoirí bualadh le muintir na háite agus a bheith rannpháirteach i saol laethúil an phobail.

Anuas air seo, tá Oideas Gael i ndiaidh saineolas nach beag a chruinniú i dtaca le sainchúrsaí teanga agus cultúir ar líne a chur ar fáil. Más spéis le do ghrúpa ár gcuid gníomhaíochtaí ach tá seans nach mbeidh tú in ann taisteal mar gheall ar shrianta COVID-19 déan teagmháil linn agus fáilte leis na roghanna éagsúla a phlé.