Maidir linn

Gleann Cholm Cille

Ó bunaíodh Oideas Gael i 1984 tá na céadta duine ag tarraingt gach bliain ar a chuid cúrsaí Gaeilge agus a chláracha cultúrtha a bhfuil ardmheas orthu araon.

Is Éireannaigh iad tuairim is leath díobh sin a bhíonn ag freastal agus tagann an chuid eile as páirteanna eile den domhan go hÉirinn d'aon turas le bheith i láthair ann. Cuirtear ar fáil meascán ar leith de chúrsaí atá ullmhaithe go speisialta agus de sheisiúin chultúrtha, iad suite go léir laistigh de phobail Ghaeltachta sa chruth is go bhféadfadh foghlaimeoirí cur lena líofacht sa teanga, agus iad ag baint taitnimh san am céanna as ár gcultúr beo.

Mar mhalairt ar chúrsaí grádaithe sa teanga táthar ag tairscint réimse leathan de chláracha gníomhaíochta cultúrtha do rannpháirtithe ar spéis leo bheith páirteach i saoire a bhfuil stíl ar leith foghlama ag baint léi.