Scoil Samhraidh Teanga agus Cultúir

Dírítear lena linn seo, ar príomhchúrsa aitheanta dár gcuid í, ar fhoghlaim na teanga gach maidin trí sheisiúin teagaisc ag leibhéil éagsúla; tráthnóna cuirtear ar fáil ceardlanna i réimse leathan imeachtaí, macasamhail feadóg, damhsa seite, amhránaíocht ar an sean-nós, siúl sléibhe agus grúpaí staidéir ag breithniú gnéithe faoi leith de chultúr na Gaeilge.

FÉILIRE
Teideal Suíomh Praghas
Dé Sathairn, 20 Iúil 2024 — Dé Sathairn, 27 Iúil 2024
Scoil Samhraidh Teanga agus Cultúir LÁN! Gleann Cholm Cille €260 Cláraigh

Bíonn leagan amach ar leith ar an tseachtain speisialta seo achan bhliain. Bíonn deis ag na rannpháirtithe snas a chur ar a gcuid scileanna teanga ar maidin Luan–Aoine agus ranganna Gaeilge ar fáil ag ocht leibhéal éagsúla. Thig dul i ngleic le gnéithe difriúla de chultúr na nGael agus de chultúr na hEorpa um thráthnóna (Domhnach–Aoine) agus rogha ceardlann ar fáil ag plé le hábhair mar sheinm an cheoil, an damhsa seite, an siúl sléibhe, an chócaireacht Iodálach, an drámaíocht, an amhránaíocht ar an sean-nós, agus tuilleadh nach iad. Bíonn clár imeachtaí ar leith ar siúl san oíche, idir cheolchoirmeacha, chéilí, léachtaí le haoi-chainteoirí aitheanta, léamha filíochta, ábhar grinn agus mar sin de. Ní sárú ar an saibhreas ná an spraoi a bhaineann le Scoil Samhraidh Oideas Gael ó bhliain go bliain.