Lóistín ar Thoraigh

Agus tú ag freastal ar chúrsa ar Thoraigh is iad seo a leanas na roghanna atá Oideas Gael ábalta a chur in áirithe duit. Nuair a dhéanfaidh tú clárú ar an chúrsa, cuirfidh tú in iúl dúinn an rogha lóistín ab fhearr leat mar chuid den phróiseas áirithinte. Ní ghearrfar táille lóistín ort láithreach, áfach: íocfaidh tú as an lóistín le linn do shaoire le hOideas Gael nó go díreach leis an ionad lóistín féin.

Fógra

Níl ach líon áirithe seomraí ag gabháil le gach ceann de na roghanna thíos. Thig leat a chur in iúl más fearr leat seomra singil agus tú ag clárú ar líne ach ar an dóigh chéanna níl ach líon teoranta seomraí singile ar fáil. Déanfaidh Oideas Gael a dhícheall le cinntiú go gcuirfear tú sa rogha lóistín ab fhearr leat ach ní thig linn a dheimhniú go mbeidh sin ar fáil. Is fiú, ar an ábhar sin, clárú go luath don chúrsa. Is féidir tuilleadh eolais fá dtaobh de chúrsaí lóistín ar Thoraigh a fháil ach teagmháil a dhéanamh linn.

Óstán

Leis an rogha seo, fanfaidh tú i seomra óstáin en suite. Tá teach tábhairne agus bialann san óstán. Íocfaidh tú an t-óstán go díreach le linn do shaoire.

Seo a leanas praghsanna táscacha don bhliain 2024:

Seomra dúbailte nó dhá leaba á roinnt€450 an duine (7 oíche - Cúrsa Gaeilge)
€385 an duine (6 oíche - Saibhreas na Gaeilge)

Seomra singil€565 an duine (7 oíche - Cúrsa Gaeilge)
€480 an duine (6 oíche - Saibhreas na Gaeilge)

Leaba agus bricfeasta

Leis an rogha seo, beidh tú ag fanacht le teaghlach Gaeltachta i dtithe a roghnaítear go speisialta agus cuirfear bricfeasta ar fáil. Cuirfear lón agus dinnéar ar fáil fosta i dtithe áirithe.

Seo a leanas praghsanna táscacha don bhliain 2024:

Seomra dúbailte nó dhá leab (bricfeasta amháin)€280 an duine sa tseachtain

Seomra dúbailte nó dhá leaba (le bricfeasta, lón éadrom agus dinnéar tráthnóna)€330 an duine sa tseachtain

Forlíonadh singil€5 an duine san oíche

Teach á roinnt

Leis an rogha seo, fanfaidh tú i dteach a roinnfidh tú le rannpháirtithe eile a bheidh ar an chúrsa. Beidh cistin chomhchoiteann agus áiseanna eile ann. Tá roinnt bheag tithe mar seo ar an oileán. Seo a leanas praghas táscach don bhliain 2024 (d'fhéadfadh praghas faoi leith a bheith ann ag brath ar na socruithe):

Praghas an duine€250 an duine sa tseachtain

Áiseanna eile ar Thoraigh

Gailearaí DixonDánlann
+353 (0)74 913 5011

Club Sóisialta Oileán ThoraíBia ar fáil
anclubthorai@gmail.com
+353 (0)86 192 8114

Óstán Oileán ThoraíBia ar fáil
toryhotel.info@gmail.com
+353 (0)86 251 2601

Anton MeenanSiúlóidí treoraithe
+353 (0)83 851 0991

Off the Beaten PathTurais ar rothar leictreach
+353 (0)86 192 8114

Slí Mara Thoraí TeoTurais farraige agus iascaireachta
+353 (0)83 064 8174

Is féidir tuilleadh eolais i dtaca le háiseanna agus saol an oileáin a fháil ó Chomharchumann Thoraí Teo:

Comharchumann Thoraí Teotoryisland.ie
ccthorai@gmail.com
+353 (0)74 913 5502