Cá háit, cén t-am?

Cúrsaí seachtaine

Sa chás gur chláraigh tú ar chúrsa seachtaine, bí cinnte go dtagann tú ar an Satharn. Bíonn clárú agus treoshuíomh ar siúl ó 4pm tráthnóna agus seisiún tionscnaimh ar 9pm.

Roinntear na ranganna ar 2.30pm ar an Domhnach agus bíonn ranganna agus gníomhaíochtaí ar siúl ó 3pm go 5pm. Bíonn sos tae agus caife ann i lár an tseisiúin.

Bíonn dhá sheisiún ranganna ann ó Luan go Satharn: 10am–1pm ar maidin, 3–5pm tráthnóna, móide sos tae agus caife ann i lár gach seisiúin. Tosaíonn na gníomhaíochtaí amuigh faoin aer ar 10am fosta.

Fágann na rannpháirtithe maidin Shathairn. Ní bhíonn ranganna ná gníomhaíochtaí ar bith ar siúl an lá sin. Is féidir leo siúd a bheidh ag fanacht linn seachtain eile an deis a thapú le dul ag spaisteoireacht sa Ghleann!

Eagraítear imeachtaí éagsúla gach oíche ó 8.30–9.45pm, ar a n-áirítear damha céilí, amhránaíocht, filíocht agus siúlóidí; bíonn ceolchoirm dheiridh ranga ann oíche Aoine.

Cúrsaí deireadh seachtaine

Sa chás gur chláraigh tú ar chúrsa deireadh seachtaine, bí cinnte go dtagann tú ar an Aoine. Bíonn clárú agus treoshuíomh ar siúl ó 4pm tráthnóna agus seisiún tionscnaimh ar 9pm. Roinntear na ranganna oíche Aoine fosta.

Bíonn dhá sheisiún ranganna ann ar an Satharn agus an Domhnach: 10am-1pm ar maidin, 3-5pm tráthnóna, móide sos tae agus caife ann i lár gach seisiúin. Tosaíonn na gníomhaíochtaí amuigh faoin aer ar 10am fosta.

Leantar leis na ranganna agus na gníomhaíochtaí ar an Luan le seisiún ar maidin 10am–1pm, agus fágann na rannpháirtithe ina dhiaidh seo.