Fíodóireacht

Tá cáil ar Dhún na nGall as ceird na fíodóireachta láimhe ann. Tá teagasc ar fáil ó fhíodóirí na háite sna scileanna a bhaineann le dathadóireacht nádúrtha, cardáil, sníomh agus fíodóireacht.

FÉILIRE
Teideal Suíomh Praghas
Dé Sathairn, 29 Meitheamh 2024 — Dé Sathairn, 6 Iúil 2024
Fíodóireacht Gleann Cholm Cille €210 Cláraigh

Ag Fí ár dTodhchaí ón Dúchas

Tá an cúrsa seo á thairiscint ag Oideas Gael le deis a thabhairt do rannpháirtithe a bheith ag foghlaim ó na healaíontóirí a bhí mar chuid de Taipéis Gael ó 1993 ar aghaidh. Beidh an deis ann castáil leis na daoine áitiúla a shín ar aghaidh na seanscileanna ó ghlúin go glúin le go mbeadh an fhíodóireacht agus an chniotáil ina n-ealaíona beo. Beidh dathú, cardáil, sníomh, dearadh, fíodóireacht agus cniotáil ar na modúil a bheas á dteagasc agus cruthóidh gach rannpháirtí píosa deartha críochnaithe faoi dheireadh an chúrsa.

Mar chuid de chlár Taipéis Gael sna blianta 1993-1995, cuireadh oiliúint ar fhíodóirí-ealaíontóirí áitiúla as Gleann Cholm Cille maidir le holann a ullmhú agus a dhathú ag baint úsáide as ábhair ón cheantar, cardáil agus sníomh, agus taipéisí a dhearadh agus a fhí ar fhráma saindéanta adhmaid. Tá bunsaothair Taipéis Gael ar taispeáint ar fud an domhain sa lá atá inniu ann.

Tá iomrá ar cheantar iardheisceart Thír Chonaill, Cill Chartha agus Gleann Cholm Cille go háirithe, as feabhas a chuid fíodóirí agus lucht cniotála láimhe agus de bharr na saothar agus na ball éadaigh bhréidín a chruthaítear ann. Le linn an chúrsa seachtaine seo múineann roinnt de na fíodóirí-ealaíontóirí a chuir tús le Taipéis Gael na scileanna a fuarthas ó fhíodóirí críonna an phobail.

Beidh deis ag rannpháirtithe le linn an chúrsa seo a bheith ag obair le fíodóirí oilte Taipéis Gael agus lucht cniotála an cheantair maille le bualadh leo siúd atá fós ag roinnt a gcuid scileanna go fial, scileanna a fuarthas ó na glúnta siar.

Cuirfear frámaí taipéise agus snáthanna ar fáil. Mar chuid den chlár seachtaine seo bíonn: taispeántais maidir le dathú nádúrtha, Cardáil, Sníomh ar Rothaí Conallacha, Dearadh don Taipéis, Fíodóireacht Taipéise, pátrúin áitiúla chniotála agus teicnící cniotála láimhe. Bítear ag súil go n-éireoidh le gach rannpháirtí ar a laghad saothar amháin taipéise nó cniotála a chruthú faoi dheireadh an chúrsa.