Ár nOidhreacht i gCloch

Is iomaí scéal atá le hinsint ag tírdhreacha ilghnéitheacha leithinis Shliabh Liag maidir le stair gheolaíoch na hÉireann. Léiríonn na scéalta sin mórán iontaisí amhail le mór-ranna ag bualadh in aghaidh a cheile, sléibhte á dtógáil agus á scriosadh, agus aigéin á n-oscailt agus á ndruideadh arís. Cuirfidh rannpháirtithe an chúrsa seo eolas ar bhunphrionsabail na geolaíochta agus a bhfuil le rá aici i dtaca leis an timpeallacht san aois seo, san am a chuaigh thart, agus san am atá le teacht.

FÉILIRE
Teideal Suíomh Praghas
Dé Sathairn, 6 Iúil 2024 — Dé Sathairn, 13 Iúil 2024
Ár nOidhreacht i gCloch Gleann Cholm Cille €210 Cláraigh

Agus é suite mar a dtagann an Chonair Idirnáisiúnta Apaláiseach i dtír san Eoraip, tá iomrá ar leith ar iardheisceart Thír Chonaill as a chuid muiraillte maorga. Ach tá mórán gnéithe eile sa cheantar a nochtann codanna éagsúla de stair gheolaíoch na tíre. Anseo, tá an gheolaíocht sin i ndiaidh tionchar a imirt ar ghnéithe seandálaíochta ón ré Neoiliteach i leith agus ar iliomad gnáthóg nádúrtha. Ar bhealach áirithe, freagraíonn na cengail chultúrtha atá idir an áit seo agus Albain nó Meiriceá Thuaidh do bhunús geolaíoch atá i bpáirt ag na dúichí céanna.

Beidh sraith cainteanna nó gníomhaíochtaí ar maidin gach lá den chúrsa seo mar aon le siúlóidí treoraithe tráthnóna a léireoidh na téamaí faoi chaibidil. Níl na siúlóidí ródheacair ach teastaíonn meánleibhéal corpacmhainne mar sin féin. Ba cheart do rannpháirtithe bróga siúil agus feisteas fearthainne a thabhairt leo.

Téamaí

  • Aois an Domhain & am geolaíoch
  • Míreanna mearaí an Domhain: teicteonaic plátaí
  • Bunús an Domhain: clocha agus mianraí
  • An t-athrú aeráide thar am: na clocha a léamh
  • Daoine & an Domhan

Forbraíodh an cúrsa seo le tacaíocht Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann. Déantar an cúrsa a reáchtáil ar bhonn dátheangach ach beidh gnéithe de theagasc an chúrsa ar siúl trí mheán an Bhéarla.

Stiúrthóir an Chúrsa

Léachtóir sa Domhaneolaíocht agus san Aigéaneolaíocht in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, í an Dr Sadhbh Baxter. Bhí sí ina stiúrthóir ar an Dioplóma sa Gheolaíocht, agus ar an Dioplóma sa Domhaneolaíocht agus san Aigéaneolaíocht, arna reáchtáil faoi choimirce an Ionaid um Fhoghlaim agus Forbairt Ghairmiúil d’Aosaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá dhá cinn de threoirleabhair gheolaíochta agus roinnt páipéar taighde foilsithe aici.