Suímh eile de chuid Oideas Gael
Iris idirlín do lucht na Gaeilge in Éirinn agus ar fud na cruinne. Cuireann Oideas Gael Beo ar fáil gach mí, le cúnamh ó Fhoras na Gaeilge, ina mbíonn ailt, agallaimh, foclóir, ceachtanna Gaeilge, agus clár plé.
Seo an siopa atá ar oscailt go laethúil agus atá lonnaithe in Oideas Gael. Earraí don fhoghlaimeoir Gaeilge idir óg is aosta, ábhair do mhúinteoirí, leabhair, ceol, scannáin agus go leor eile!
Cúrsa teanga nua do ghlantosaitheoirí ón Dr Eithne Ní Ghallchobhair.
Is iomaí siúlóid iontach atá ann sa taobh seo tíre: Siúl Sléibhe i dTír Chonaill le hOideas Gael.
Gleann Cholm Cille
Cuir aithne ar cheantar Ghleann Cholm Cille!
Músaem a bhunaigh an tAth. James McDyer ar macasamhail é de chlacháin tuaithe in Éirinn le cúpla céad bliain anuas.
Lean Slí Cholm Cille go hÉirinn agus go hAlbain chun foghlaim faoi bheatha agus faoi sheanchas an fhir seo a bhfuil iomrá leitheadach buan air.
Cur síos ilmheán ar Thuras Cholm Cille agus stair na siúlóide iomráití seo.
Turais bháid go haillte Shliabh an Liag agus thart ar chósta iardheisceart Thír Chonaill.
Cuir teachín in áirithe agus blais áilleacht agus suaimhneas pharóiste Ghleann Cholm Cille.
Teachín traidisiúnta Conallach, cúlráideach, os cionn Loch Dhoire Thoirc i nGleann Cholm Cille.
Teach lóistín á lorg agat? Rogha den scoth iad Slieve League View Apartments, An Charraig, dóibh siúd a bhfuil bunáit uathu chun áilleacht Chontae Dhún na nGall a bhlaiseadh.
Club cnocadóireachta lonnaithe in iardheisceart Thír Chonaill.
Ealaíontóir áitiúil. Dánlann foscailte gach samhradh (Meitheamh, Iúil agus Lúnasa) ar An Caiseal, Gleann Cholm Cille.
Neart grianghrafanna de Ghleann Cholm Cille agus an ceantar máguaird. Radharcanna, plandaí, suíomhanna seandálaíochta, daoine... go leor radharcanna spéisiúla!
Fiseán a rinne Breandán Ó Laobhais le linn Scoil Samhraidh Teanga agus Cultúir 2008 ag Oideas Gael.
Dún na nGall
Eolas cuimsitheach don chuairteoir maidir le háiseanna turasóireachta agus nithe is díol spéise i gContae Dhún na nGall.
Treoir chuig beagnach gach suíomh ar an idirlíon a bhaineann le Dún na nGall.
Rogha fhairsing tithe saoire féinfhreastail ar fud Chontae Dhún na nGall, Éire.
Teachíní traidisiúnta féinfhreastail 4-réalt ar cíos saoire cois trá ar an Chruit, Co. Dhún na nGall.
Grianghrafadóir áitiúil lonnaithe in Eadar Gabhail, Ard an Rátha.
Léargas ar oidhreacht mhara agus iascaireachta Thír Chonaill mar aon lena cuid cairpéidí clúiteacha. Ceirdeanna áitiúla ar taispeáint agus ar díol.
Laethanta saoire rothaíochta agus siúil i nDún na nGall agus in iarthuaisceart na hÉireann.
Laethanta Saoire in Éirinn
Slí turasóireachta ar leith ar chósta iarthair na hÉireann í Slí an Atlantaigh Fhiáin, a shíneann 1500 míle taobh leis an Atlantach trí chuid den radharca is mórthaibhsí ar domhan.
An suíomh oifigiúil turasóireachta do Chontae an Chábháin, Dún na nGall, Liatroim, Muineachán agus Sligeach.
Treoirshuíomh maidir le laethanta saoire féinfhreastail in Éirinn.
Veaineanna campála ar cíos ar fud na hÉireann. Loingeas veaineanna le stíl ar leith a chuireann idir thaisteal agus lóistín féinfhreastail ar fáil.
Comhlacht uathúil turasóireachta a chuireann turais solúbtha oideachasúla saoire ar fáil do ghrúpaí beaga faoin tuath in Éirinn.
Eolas faoi thaisteal sna Gaeltachtaí in Éirinn.
Ní suíomh taistil do Chontae an Chláir amháin é seo, ach tá sé ina áis d'Éireannaigh atá ag dul thar lear agus dóibh siúd a bheidh ag teacht ar cuairt go hÉirinn.
Laethanta saoire réchúiseacha siúil in iarthuaisceart agus oirthuaisceart na hÉireann, Co. Aontroma agus Co. Dhún na nGall.
Beir greim ar an rothar agus blais áillteacht agus féile Iarthuaisceart na hÉireann. Tá saoire rothaíochta sa réigiún á dtairscint ag Ireland by Bike ó bhí 2010 ann.
Le 80 bliain anuas, tá lóistín sábháilte ar phraghas an-saor á chur ar fáil ag An Óige dóibh siúd a bhíonn ag taistil in Éirinn idir thurasóirí mála droma, ghrúpaí agus theaghlaigh.
An Ceol Gaelach
Suíomh oifigiúil an fhidléara agus amhránaí Chonallaigh.
Grúpa deonach a bhfuil cur chun cinn na fidléireachta sa stíl Chonallach mar aidhm aige.
Suíomh gréasáin Malachy Duffin ar a bhfuil nótaí beathaisnéise, liricí agus samplaí fuaime dá chuid amhrán Béarla, Gaeilge agus Ultaise, chomh maith lena chuid ábhar oideachasúil.
Amhráin ar an tsean-nós as Conamara; liricí agus aistriúcháin ar fáil.
Amhránaíocht ar an tsean-nós le hais cheol traidisiúnta na hÉireann; liricí agus aistriúcháin ar fáil.
Conallach agus amhránaí a bhfuil cáil dhomhanda air.
An Ghaeilge ar fud an domhain
Tumchúrsa Gaeilge deireadh seachtaine a bhíonn ar siúl gach bliain i San Francisco na gréine! Dírítear ar ceithre leibhéal ó ghlantosaitheoirí go daoine ar mhaith leo níos mó feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge.
Dóibh siúd atá ina gcónaí i Londain nó ar cuairt ann, cuireann an t-ionad seo cúrsaí Gaeilge ar fáil, mar aon le himeachtaí sóisialta agus cultúrtha eile.
An Ghaeilge ar líne
Bunaíodh an comhlacht foilsitheoireachta Cois Life i 1995. Foilsítear leabhair Ghaeilge d'fhoghlaimeoirí, do dhaoine óga, drámaí léirithe, ficsean agus filíocht.
Is córas scrúdaithe é an Teastas Eorpach (TEG) d'fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge, roinnte i sé leibhéal ó Bhonnleibhéal 1 go hArdleibhéal 2.
Ceann de na hacmhainní Gaeilge is cuimsithí dá bhfuil ar fáil ar an idirlíon.
Acmhainn ar líne tiomanta don chultúr Gaelach.
Eagraíonn Cumann Merriman Scoil Samhraidh agus Scoil Gheimhridh gach bliain ó 1968 i leith i gcuimhne ar Bhrian Merriman agus a shaothar, agus d’fhonn suim a chothú i ngach gné de chultúr na hÉireann, ar nós na teanga, na staire, na litríochta agus an cheoil.
Lipéad ceoil agus foilsitheoir leabhar atá lonnaithe sa Spidéal, i nGaeltacht Chonamara, ar chósta thiar na hÉireann.
Siopa leabhar agus earraí Éireannacha.
Scaip an scéal... foilsitheoir nua a dhéanann cúram ar leith d'fhoilseacháin Chríostaí i mBéarla agus as Gaeilge.
Cultúr, Acmhainní, Naisc eile
Traidisiúin, béaloideas, stair agus tuilleadh lena chois.
Gnó teaghlaigh a tosaíodh sa bhliain 1995, tiomanta do scoth na n-earraí Éireannacha a chur ar fáil.
Acmhainn úsáideach ina bhfuil idir nuacht, leabhair, phictiúir agus naisc.
Cuireann an Institiúid um Cheannaireacht Éireannach cúrsaí ar fáil maidir le ceannaireacht bunathraithe do dhaoine ó gach saghas cúlra agus náisiúntacht.
Bunaíodh an t-ionad seo i gContae Liatroma sa bhliain 1995 mar chomhlacht neamhbhrabúsach d'fhonn oiliúint agus eolas a chur ar fáil maidir leis an gharraíodóireacht orgánach.
Cártaí agus íomhánna áile as Éirinn. Bíonn beannachtaí i nGaeilge ar chuid acu cheana, nó is féidir ceann a roghnú, nó is féidir leat do cheann féin a scríobh!
Cuireann an scoil seo tumchúrsaí Fraincise ar fáil i nDeisceart na Fraince, á múineadh ag múinteoirí oilte ardchaighdeáin Fraincise.
Bronntanais uathúla lámhdhéanta as Éirinn.
Is í aidhm an tionscnaimh seo ná mórinstitiúid chultúrtha a chur ar bun a shoilseodh stair na nGael-Mheiriceánach do chuairteoirí de gach aois agus ón uile chúlra eitneach, cultúrtha agus sóisialta.
Ceannaigh geansaithe, caipíní agus éadaí Éireannacha eile.