Cúrsaí EPV

Cuireann an scéim Saoire Phearsanta Bhreise (nó EPV), faoi stiúir Roinn Oideachais na hÉireann, deis ar fáil do mhúinteoirí scoile a bheith i dteideal laethanta saoire breise i ndiaidh dóibh freastal ar chúrsa aitheanta traenála. Tá formhór chúrsaí Oideas Gael aitheanta chuige seo.

Cuirfear eolas ar fáil anseo maidir le dátaí chúrsaí EPV na bliana seo chugainn in earrach 2024.

Tá go leor cúrsaí de chuid Oideas Gael aitheanta ag Roinn Oideachais na hÉireann faoi Riail 58 do thraenáil inseirbhíse agus saoire phearsanta bhreise (ar a dtugtar EPV chomh maith). Bíonn sé soiléir i bhféilire na gcúrsaí i gcónaí cad iad na cúrsaí atá aitheanta chuige seo. Más mian leat cur isteach ar laethanta EPV, déan cinnte go gcláraíonn tú ar chúrsa atá aitheanta! Cuirfidh Oideas Gael teastas tinrimh ar fáil duit ag deireadh do chúrsa.