Tionscnaimh de chuid Oideas Gael

Le chóir a bheith 40 bliain anuas, chuir Oideas Gael roimhe dul i mbun tionscadail forbartha i gcomhar le páirtnéirí agus maoinitheoirí ar bhonn Éireannach agus Eorpach. Bíonn sé mar aidhm ag na tionscnaimh seo gnéithe dár n-oidhreacht a athbheochan, modhanna foghlama nuálaíocha a cheapadh don Ghaeilge agus ceangail a dhéanamh le pobail mhionteanga eile mar aon le fostaíocht agus fiontraíocht a chothú sa Ghaeltacht.

HEART: Heritage Arts (2022–2024)

Tionscadal comhpháirtíochta, arna chomh-mhaoiniú ag Clár Erasmus+ an Aontais Eorpaigh, é HEART. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal gnéithe den oidhreacht chultúir dholáimhsithe (ICH) a thabhairt slán trí chlár oideachas ealaíne i measc an phobail. Tá Oideas Gael ar cheann de chúig pháirtnéir tionscadail as gach cearn den Eoraip a bhfuil an múnla úr seo á cheapadh agus á thriail acu. Mar thoradh ar an tionscnamh cuirfear clár oiliúna agus acmhainní digiteacha ar fáil, saor in aisce, do mhúinteoirí ealaíne a bhfuil suim acu san oidhreacht chultúrtha.

TITLE: Training for Inclusion in Territorial Language Education (2021–2023)

Tionscnamh EU Erasmus+ KA2 a d’fhorbair Ardán Acmhainní Oscailte ar mhaithe le mionteangacha a theagasc ar bhonn ionchuimsitheach. Tá clár oiliúna do mhúinteoirí mar aon le hábhar teagaisc eiseamláireach ar an ardán ar líne seo. Bhí Oideas Gael ar cheann de shé eagraíocht, a raibh trí theanga chríche Eorpacha ina measc, a chuir an t-ardán ar fáil.

Beo.ie (2001–2014)

Iris idirlín do lucht na Gaeilge in Éirinn agus ar fud na cruinne ab ea Beo.ie a d’fhoilsíodh Oideas Gael ó 2001-2014 le cúnamh ó Fhoras na Gaeilge. An chéad iris Ghaeilge dhigiteach a bhí ann, tionscnamh ceannródaíoch a bhí in Beo.ie a raibh idir léitheoirí agus scríbhneoirí as gach cearn den domhan aige. Tá cartlann iomlán na hirise, 161 eagrán, ar fáil i gcónaí agus acmhainn iontach atá ann dóibh siúd atá ag iarraidh a gcuid scileanna léitheoireachta a fheabhsú.

Fiontraí: Fiontraithe le Gaeilge (2006–2007)

Ceapadh clár trasteorann ardoiliúna d’fhiontraithe Gaeilge idir fiontraithe sóisialta agus iad siúd a bhí ag obair san earnáil phríobháideach. Ghlac 30 rannpháirtí páirt iomlán sa chlár oiliúna. Oideas Gael a bhainistigh an tionscadal i gcomhar le Forbairt Feirste agus WESTBIC. Clár INTERREG IIIA an Aontais Eorpaigh agus Údarás na Gaeltachta a thug maoiniú don tionscadal.

Ag Tógáil ár bPobail (1997–1998)

Ba í aidhm an tionscadail seo, a maoiníodh trí thionscnamh Integra an Aontais Eorpaigh agus trí Údarás na Gaeltachta, fostaíocht inbhuanaithe fhadtéarmach a chur ar fáil sa phobal trí scileanna traidisiúnta tógála cloiche a athbheochan. D’éirigh leis an chlár múnla gnó rathúil a cheapadh agus tá rannpháirtithe de chuid ‘Ag Tógáil ár bPobail’ ag obair san earnáil seo go dtí an lá atá inniu ann.

Taipéis Gael (1993–1995)

Clár dhá bhliana faoi chúram Oideas Gael, le tacaíocht ó chiste Horizon I an Aontais Eorpaigh, inar chuir fíodóirí áitiúla ón ghlúin a bhí ag imeacht oiliúint agus meantóireacht ar fáil do sheisear den aos óg in iardheisceart Thír Chonaill. Mheall an tionscnamh ‘Ag Fí ár dTodhchaí ón Dúchas’ iomrá idirnáisiúnta, tháinig gnó rathúil nua uaidh, agus cuireadh saothair de chuid ealaíontóirí Taipéis Gael ar taispeáint ar fud an domhain. Ambasadóir na Stát Aontaithe chun na hÉireann, Jean Kennedy Smith, a sheol a gcéad taispeántas i mBaile Átha Cliath.