Seinm na Feadóige

‘Ag Cur Eolais ar Cheol na hÉireann’, cúrsa á léiriú tríd an fheadóg agus tríd an fheadóg mhór ag duine de phríomhcheoltóirí traidisiúnta na tíre, ina bhfuil teagasc ar fáil do thosaitheoirí agus d’fheabhsaitheoirí araon. Míneofar sna ceardlanna chomh maith fás agus forbairt an cheoil Ghaelaigh anuas go dtí ár linn féin.

FÉILIRE
Teideal Suíomh Praghas
Dé Sathairn, 13 Iúil 2024 — Dé Sathairn, 20 Iúil 2024
Seinm na Feadóige Gleann Cholm Cille €210 Cláraigh
Dé hAoine, 25 Deireadh Fómhair 2024 — Dé Luain, 28 Deireadh Fómhair 2024
Seinm na Feadóige Gleann Cholm Cille €120 Cláraigh

Tá an cúrsa seo dírithe orthu siúd ar mian leo eolas a chur ar ghnéithe éagsúla de cheol na hÉireann. Tháinig forbairt ar an traidisiún ceoil, amhránaíochta agus rince seo leis na céadta bliain de réir mar a chuaigh athruithe i bhfeidhm ar shaol agus ar nósmhaireachtaí mhuintir na hÉireann. Tá an t-ádh ar ár gcuid ceoltóirí go bhfuil taipéis shaibhir chultúrtha ceoil, damhsa agus béaloidis acu a thugann bonn do cheol traidisiúnta na linne seo.

Tá sé mar aidhm ag an chúrsa, faoi stiúir an cheoltóra aitheanta Éireannaigh Claire McGrattan, díriú ar na gnéithe seo a leanas de cheol na hÉireann:

  • Teagasc Ceoil: Roinnt seisiún praiticiúil laethúil ag foghlaim foinn shimplí agus rincí ar an fheadóg agus ar an fheadóg mhór.
  • Stíleanna Réigiúnacha: Turas ceoil timpeall na tíre a dhíríonn ar na stíleanna éagsúla i ngach réigiún.

Bunchúrsa é seo maidir le foinsí cheol na hÉireann agus ní gá go mbeadh réamheolas nó cleachtadh ag an lucht páirte.