Siúl Sléibhe

Tá mórán suíomhanna siúil a bhfuil áilleacht gan sárú acu le fáil i Leithinis Shliabh Liag. Faoi stiúradh ár dtreoraithe ardoilte eolacha, déantar clár a thairiscint a bhfuil sásamh fisiciúil agus cultúrtha le baint as ag lucht tosaithe agus ag an dream a bhfuil taithí go leor acu.

FÉILIRE
Teideal Suíomh Praghas
Dé hAoine, 3 Bealtaine 2024 — Dé Luain, 6 Bealtaine 2024
Siúl Sléibhe Gleann Cholm Cille €120 Cláraigh
Dé Sathairn, 6 Iúil 2024 — Dé Sathairn, 13 Iúil 2024
Siúl Sléibhe Gleann Cholm Cille €210 Cláraigh
Dé Sathairn, 13 Iúil 2024 — Dé Sathairn, 20 Iúil 2024
Siúl Sléibhe Gleann Cholm Cille €210 Cláraigh
Dé Sathairn, 3 Lúnasa 2024 — Dé Sathairn, 10 Lúnasa 2024
Siúl Sléibhe Gleann Cholm Cille €210 Cláraigh
Dé Sathairn, 10 Lúnasa 2024 — Dé Sathairn, 17 Lúnasa 2024
Siúl Sléibhe Gleann Cholm Cille €210 Cláraigh
Dé Sathairn, 17 Lúnasa 2024 — Dé Sathairn, 24 Lúnasa 2024
Siúl Sléibhe Gleann Cholm Cille €210 Cláraigh

In iardheisceart Chontae Dhún na nGall atá cuid de na limistéirí siúil is fearr in Éirinn, le Sliabh Liag a mheastar a bheith ar an bhinn mhara is mórthaibhsí san Eoraip. D’ainneoin áilleacht na leithinise, ní thaithíonn siúlaithe cnoc an oiread sin í, fiú le linn ardséarsúr an tsamhraidh, as siocair í bheith chomh scoite sin. Tá rogha siúlóidí á tairiscint nach ionann deacracht dóibh; tugann gach ceann acu deis do shiúlaithe breathnú ar éagsúlacht radharcanna fíoráille de chuid chóstaí iargúlta dheisceart Dhún na Gall. Cuid de Ghaeltacht Dhún na nGall é an ceantar seo agus táthar ag súil go mbeidh ar chumas siúlaithe a gcuid Gaeilge a úsáid le linn shaoire na seachtaine, sin nó, mura bhfuil an teanga ar a dtoil acu, go dtógfaidh siad abairt nó dhó. Sult agus sásamh is mó atá i gceist sa chúrsa agus beidh am go leor tráthnóna le héisteacht leis an cheol tíre a bhfuil cáil ar an réigiún dá bharr agus taitneamh a bhaint as ach chraic a bhíonn mar ghnáth chuid de chúrsaí Oideas Gael.

Ní mór go gach duine atá páirteach sa chúrsa na rudaí seo a leanas a thabhairt leo:

  • Péire compordach bróg siúil (ní gnáthbhróga). Más péire nua atá agat moltar dul i dtaithí orthu roimh thosach na saoire seo.
  • Roinnt péirí stocaí olla tiubha.
  • Bríste ghairid nó bríste siúil compordach eile.
  • Culaith nach ligeann uisce isteach, ar chaighdeán maith, ar féidir a fhilleadh go furasta.
  • Cosaint gréine (grád 15)
  • Feadóg agus learscáil na Suirbhéireachta Ordanáis den cheantar (Bileog 10). Tá an learscáil le ceannach sa Siopa Gaeilge in Oideas Gael.
  • Mála droma beag a mbeidh slí ann do na rudaí thuas agus do lón pacáilte.
  • Paca pillíní chun cloganna a chosc.
  • Moltar hata/caipín agus láimhíní éadroma a thabhairt leat.

Cé nach mbeidh ailleadóireacht i gceist sna siúlóidí beith roinnt acu measartha fada agus maolach agus caithfidh lucht an chúrsa a chinntiú go mbeidh siad in ann acu. Mairean na siúlóidí idir 4 uaire agus 6 uair an chloig.