Rinneadh cúrsaí Oideas Gael a dhearadh go speisialta le freastal ar riachtanais daoine fásta ag gach staid den fhoghlaim, ar a n-áirítear iad siúd a bhfuil roinnt dul chun cinn déanta acu ach iad gann i gcleachtadh. Cuimsíonn gach cúrsa, a mhaireann seachtain de ghnáth, trí leibhéal nó os a chionn: tosaitheoirí, idirmheánach, agus ardchaighdeán.
Teideal | Suíomh | Praghas | |
Dé Sathairn, 4 Meitheamh 2022 — Dé Sathairn, 11 Meitheamh 2022
|
|||
Cúrsa Gaeilge | Gleann Cholm Cille | €240 | Cláraigh |
Dé Sathairn, 11 Meitheamh 2022 — Dé Sathairn, 18 Meitheamh 2022
|
|||
Cúrsa Gaeilge | Gleann Cholm Cille | €240 | Cláraigh |
Dé Sathairn, 18 Meitheamh 2022 — Dé Sathairn, 25 Meitheamh 2022
|
|||
Cúrsa Gaeilge | Gleann Cholm Cille | €240 | Cláraigh |
Dé Sathairn, 25 Meitheamh 2022 — Dé Sathairn, 2 Iúil 2022
|
|||
Cúrsa Gaeilge | Gleann Cholm Cille | €240 | Cláraigh |
Dé Sathairn, 2 Iúil 2022 — Dé Sathairn, 9 Iúil 2022
|
|||
Cúrsa Gaeilge | Gleann Cholm Cille | €240 | Cláraigh |
Dé Sathairn, 9 Iúil 2022 — Dé Sathairn, 16 Iúil 2022
|
|||
Cúrsa Gaeilge | Gleann Cholm Cille | €240 | Cláraigh |
Dé Sathairn, 16 Iúil 2022 — Dé Sathairn, 23 Iúil 2022
|
|||
Cúrsa Gaeilge | Gleann Cholm Cille | €240 | Cláraigh |
Dé Sathairn, 23 Iúil 2022 — Dé Sathairn, 30 Iúil 2022
|
|||
Cúrsa Gaeilge (Gleann Fhinne) | Gleann Fhinne | €240 | Cláraigh |
Dé Sathairn, 30 Iúil 2022 — Dé Sathairn, 6 Lúnasa 2022
|
|||
Cúrsa Gaeilge (Gleann Fhinne) | Gleann Fhinne | €240 | Cláraigh |
Dé Sathairn, 6 Lúnasa 2022 — Dé Sathairn, 13 Lúnasa 2022
|
|||
Cúrsa Gaeilge | Gleann Cholm Cille | €240 | Cláraigh |
Dé Sathairn, 13 Lúnasa 2022 — Dé Sathairn, 20 Lúnasa 2022
|
|||
Cúrsa Gaeilge | Gleann Cholm Cille | €240 | Cláraigh |
Dé Sathairn, 20 Lúnasa 2022 — Dé Sathairn, 27 Lúnasa 2022
|
|||
Cúrsa Gaeilge | Gleann Cholm Cille | €240 | Cláraigh |
Dé hAoine, 28 Deireadh Fómhair 2022 — Dé Luain, 31 Deireadh Fómhair 2022
|
|||
Cúrsa Gaeilge Deireadh Seachtaine | Gleann Cholm Cille | €120 | Cláraigh |
Sainteagascóirí a chuireann an teagasc ranga ar fáil, ag baint úsáide dóibh as cúrsaí grádaithe, a bhfuil tacaíocht acmhainní físamhairc acu, agus as modhanna eile teagaisc a bhfuil éirithe leo thar na blianta. Is é atá i sceideal an lae ná dianseisiúin teagaisc maidin agus tráthnóna agus aire á díriú ar an teanga labhartha (diomaite d'aonaid ar leith ag an ardleibhéal), sna pointí seo a leanas: fuaimniú cruinn, leaganacha cearta cainte agus méadú ar stór na bhfocal, go háirithe de stór focal shaol ár linne. Is é an aidhm atá leis seo idir chumas comhrá agus líofacht a chothú, agus suas le 35 uair an chloig de theagmháil ar fáil i ngach cúrsa chuige sin. Mar sheisiún deiridh gach oíche eagraítear imeachtaí siamsaíochta a mbíonn deis ina ndiaidh ag lucht na gcúrsaí a gcuid Gaeilge a chleachtadh le daoine ó na leibhéil uilig, agus taitneamh a bhaint san am céanna as an chraic sna tithe tábhairne áitiúla.
Cinntíonn leagan amach sóisialta na gcúrsaí nach fada go mothaíonn daoine atá ag freastal ina n-aonar compordach agus ar a suaimhneas laistigh den ghrúpa.
Is é taithí na Stiúrthóirí go dtagann feabhas suntasach ar Ghaeilge na bhfoghlaimeoirí úd a bhfuil clár dhá sheachtain déanta acu.
Tá na cúrsaí aitheanta ag An Roinn Oideachais agus Scileanna.