Lóistín i nGleann Fhinne

Agus tú ag freastal ar chúrsa i nGleann Fhinne is iad seo a leanas na roghanna ar féidir le hOideas Gael a chur in áirithe duit. Nuair a dhéanfaidh tú clárúchán ar chúrsa, cuirfidh tú in iúl dúinn an rogha lóistín ab fhearr leat mar chuid den phróiseas áirithinte. Ní ghearrfar táille lóistín ort láithreach, áfach: íocfaidh tú as an lóistín le linn do shaoire i nGleann Fhinne, le hOideas Gael nó go díreach leis an ionad lóistín féin.

Leaba agus bricfeasta le lón éadrom agus dinnéar tráthnóna

Leis an rogha seo, beidh tú ag fanacht le teaghlach Gaeltachta, i dtithe a roghnaítear go speisialta, ar feadh seacht n-oíche agus cuirfear trí bhéile sa lá ar fáil. Íocfaidh tú muintir an tí go díreach le linn do thréimhse ansin. Ní féidir íoc le cárta creidmheasa leis an rogha seo.

Seomra dúbailte nó dhá leaba€330 an duine sa tseachtain

Forlíonadh singil€5 an duine san oíche (teorainn le líon na seomraí)

Féinfhreastal

Leis an rogha seo, fanfaidh tú i gceann de roinnt seomraí leapa i dteach a roinnfidh tú le rannpháirtithe eile a bheidh ar an chúrsa. Beidh cistin chomhchoiteann agus áiseanna eile ar fáil ann. Íocfaidh tú úinéir an tí go díreach le linn do shaoire. Ní féidir i gcónaí íoc le cárta creidmheasa leis an rogha seo.

Seomra dúbailte nó dhá leaba€165 an duine sa tseachtain

Forlíonadh singil€5 an duine san oíche (teorainn le líon na seomraí)

Do chuid socruithe féin

Más mian leat, is féidir leat cúrsaí lóistín a shocrú tú féin le soláthróirí lóistín áitiúla, gan baint a bheith ag Oideas Gael leis. Má bheartaíonn tú air seo a dhéanamh, fiafróidh muid díot agus tú ag clárú cá mbeidh tú ag fanacht. Tá súil againn go dtuigfidh tú, le do thoil, go gcaithfidh muid a bheith cinnte go bhfuil lóistín ag gach foghlaimeoir; beidh muid buíoch díot as sinn a chur ar an eolas faoi seo.