Ag Cur Eolais ar an Timpeallacht

Is í aidhm an chúrsa seo cuidiú leat an timpeallacht agus an dóigh a bhfeidhmíonn sí a thuiscint. Ag deireadh na seachtaine beifear in innimh tírdhreach agus éiceolaíocht Iardheisceart Dhún na nGall a léirmhíniú. Foghlaimeofar an dóigh a ndeachaigh daoine i bhfeidhm ar an tírdhreach seo le 6,000 bliain anuas agus beidh beifear abálta tuairim a chumadh faoin tionchar a bheidh ag an athrú aeráide ar an chomhshaol amach anseo.

FÉILIRE
Teideal Suíomh Praghas
Dé Sathairn, 29 Meitheamh 2024 — Dé Sathairn, 6 Iúil 2024
Ag Cur Eolais ar an Timpeallacht Gleann Cholm Cille €210 Cláraigh

I rith na seachtaine déanfar iniúchadh ar:

  • gheolaíocht na sléibhte agus na ngleannta in Iardheisceart Dhún na nGall a théann siar níos mó ná 600 milliún bliain
  • éiceachórais an lae inniu agus cad é mar a d’fhorbair siad ó dheireadh na hoighearaoise deireanaí, 15,000 bliain ó shin
  • an fhianaise maidir le tionchar daoine ón ré Neoiliteach ar an tírdhreach 5,000 bliain ó shin agus an tionchar a bheidh ag daoine ar an tírdhreach amach anseo

Is cúrsa allamuigh praiticiúil é seo agus beifear amuigh faoin spéir gach lá. Beidh tú:

  • ag tabhairt cuairte ar phríomhéiceachórais an cheantair agus ag foghlaim fúthu trí chuairt a thabhairt ar thránna, dumhcha, sléibhte, portaigh, fraochmhá, aibhneacha agus coillearnacha
  • ag aithint na bpríomhchineálacha carraige sa cheantar agus ag foghlaim conas a théann siad i bhfeidhm ar imshaol an lae inniu
  • ag amharc mar a théann modhanna feirmeoireachta reatha i bhfeidhm ar an chomhshaol

Feicfear fianaise ar bhagairtí ar éiceachórais áitiúla cosúil le:

  • galair ionracha
  • plandaí ionracha
  • ró-chreimeadh

Tabharfar cuairt ar roinnt éiceachóras iontach agus suíomhanna sainspéise eolaíochta (Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta):

  • Ceann Ghlinne
  • Sliabh Liag
  • Trá an Mhachaire agus Portach Dhorlaí

Cé go dtabharfaidh an cúrsa tuiscint mhionsonraithe ar éiceolaíocht Iardheisceart Dhún na nGall duit, thig na prionsabail a fhoghlaimeofar a chur i bhfeidhm ar aon éiceachóras ar an phláinéad.

Riachtanais

Is cúrsa allamuigh é seo agus ba chóir duit a bheith aclaí go leor chun am a chaitheamh amuigh faoin spéir gach lá agus ábalta dul in airde ar chnoic agus ar shléibhte. Ba chóir duit buataisí láidre agus éadaí te uiscedhíonacha a chaitheamh. Ní cheadófar do dhaoine páirt a ghlacadh san obair allamuigh muna bhfuil na héadaí agus na coisbhearta oiriúnacha acu.

Stiúrthóir an Chúrsa

Is luibheolaí é Liam Dolan. Baineann sé úsáid as géineolaíocht agus pailé-ointeolaíocht ina chuid taighde chun tuiscint a fháil ar an dóigh a fhorbraíonn agus a fhásann plandaí. Tá Liam ina Leas-Stiúrthóir ar Institiúid Gregor Mendel in Acadamh Eolaíochtaí na hOstaire i Vín agus ina chomhalta de Choláiste Magdalen, Oxford. Bhí sé ina Ollamh Sherardian le Luibheolaíocht in Ollscoil Oxford go dtí 2020 agus ina Iontaobhaí na Banríona ag The Royal Botanic Gardens Kew go dtí 2022. Is as Baile Átha Cliath é agus rinne sé staidéar i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus in Ollscoil Pennsylvania i Philadelphia. Tá sé ag múineadh in Oideas Gael ó 2007 i leith agus scríobh sé an colún seachtainiúil, Nod don Eolaí ar Tuairisc.ie idir 2017 agus 2018. Is comhalta den Chumann Ríoga é.