Lóistín i nGleann Cholm Cille

Agus tú ag freastal ar chúrsa ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille is iad seo a leanas na roghanna ar féidir le hOideas Gael a chur in áirithe duit. Nuair a dhéanfaidh tú clárúchán ar chúrsa, cuirfidh tú in iúl dúinn an rogha lóistín ab fhearr leat mar chuid den phróiseas áirithinte. Ní ghearrfar táille lóistín ort láithreach, áfach: íocfaidh tú as an lóistín le linn do shaoire i nGleann Cholm Cille, le hOideas Gael nó go díreach leis an ionad lóistín féin.

Leaba agus bricfeasta

Leis an rogha seo, beidh tú ag fanacht le teaghlach Gaeltachta, i dtithe a roghnaítear go speisialta, agus cuirfear bricfeasta ar fáil. (Cuireann roinnt bialann sa cheantar béilí ar fáil don lón agus san oíche.) Íocfaidh tú muintir an tí go díreach le linn do thréimhse ansin. Ní féidir íoc le cárta creidmheasa leis an rogha seo.

Seomra dúbailte nó dhá leaba€280 an duine sa tseachtain
€120 an duine ar dheireadh seachtaine 3 lá

Forlíonadh singil€5 an duine san oíche (teorainn le líon na seomraí)

Féinfhreastal beagchostais

Leis an rogha seo, roinnfidh tú teach nó teachín le rannpháirtithe eile a bheidh ar an chúrsa. Beidh cistin, spás comhroinnte agus beidh 1-2 sheomra folctha sa teach. Ní féidir táille an lóistín a íoc le cárta creidmheasa sa chás seo.

Seomra dúbailte nó dhá leaba€145 an duine sa tseachtain
€80 an duine ar dheireadh seachtaine 3 lá

Forlíonadh singil€5 an duine san oíche (teorainn le líon na seomraí)

Féinfhreastal

Leis an rogha seo, fanfaidh tú i gceann de na seomraí leapa i dteach a roinnfidh tú le rannpháirtithe eile ar an chúrsa. Beidh cistin chomhroinnte, seomra bia, seomra suí agus 1-2 sheomra folctha sa teach. Beidh teas lárnach ann, meaisín níocháin, agus go leor áiseanna eile. I gcásanna áirithe, is féidir táille an lóistín a íoc le cárta creidmheasa.

Seomra dúbailte nó dhá leaba€165 an duine sa tseachtain
€90 an duine ar dheireadh seachtaine 3 lá

Forlíonadh singil€5 an duine san oíche (teorainn le líon na seomraí)

Féinfhreastal en suite

Leis an rogha seo, fanfaidh tú i seomra dúbailte nó dhá leapa en suite i dteach nua-aimseartha a roinnfidh tú le rannpháirtithe eile a bheidh ar an chúrsa. Beidh cistin chomhchoiteann, seomra bia agus seomra suí ann. Beidh teas lárnach sa teach, meaisín níocháin, teilifís agus go leor áiseanna eile. De ghnáth, is féidir táille an lóistín a íoc le cárta creidmheasa.

Seomra dúbailte nó dhá leaba€210 an duine sa tseachtain
€100 an duine ar dheireadh seachtaine 3 lá

Forlíonadh singil€5 an duine san oíche (teorainn le líon na seomraí)

Roghanna lóistín eile

Le cois na roghanna thuas bíonn Oideas Gael ag plé le soláthraithe lóistín áitiúla eile a chuireann tithe féinfhreastail ar fáil. Cuimsíonn sé seo roinnt tithe lóistín den scoth a mbaineann táillí níos airde leo. Chomh maith leis sin, bíonn tithe lasmuigh den Ghleann féin ar fáil, rud a bhíonn áisiúil nuair atá mórán daoine ar na cúrsaí sna tréimhsí is gnóthaí den bhliain. Bíonn na roghanna seo ag brath ar an soláthar atá ann.

Seol ríomhphost chugainn chun na roghanna a phléoifig@oideasgael.ie

Do chuid socruithe féin

Más mian leat, is féidir cúrsaí lóistín a shocrú tú féin le soláthróirí lóistín áitiúla, gan baint a bheith ag Oideas Gael leis. Má bheartaíonn tú seo a dhéanamh, fiafróidh muid díot agus tú ag clárú cá mbeidh tú ag fanacht. Tá súil againn go dtuigfidh tú, le do thoil, go gcaithfidh muid a bheith cinnte go bhfuil lóistín ag gach rannphairtí; beidh muid buíoch díot as sinn a chur ar an eolas faoi seo.

Ionad Campála Shliabh Liagionad campála le háiseanna do veaineanna campála
+353 (0)85 279 5953
sliabhliagcamping.ie
11.9 km / 7.4 míle ó Oideas Gael

Fáilte ÉireannOifig Réigiúnach Turasóireachta i mBaile Dhún na nGall
+353 (0)74 97 21 148
failteireland.ie

Ceisteanna? Freagraí!

Má fhanaim i dteach féinfhreastail — cén dóigh a mbeidh air?Bíonn tithe áitiúla ar cíos againn le linn na gcúrsaí. De ghnáth, roinneann ceathrar nó cúigear rannpháirtithe na tithe seo, iad ina gcónaí agus iad ag cócaireacht le chéile. Tugann sé saoirse duit teacht agus imeacht de réir mar is mian leat agus cloí le do bhuiséad féin. Tá roinnt siopaí agus bialann sa cheantar agus is féidir a bheith ag cócaireacht nó dul amach le haghaidh béile de réir mar is mian leat. Níl ach siúlóid ghairid go hOideas Gael i gceist leis an chuid is mó de na tithe agus bíonn seomraí folctha le cith agus téamh iontu uilig. I gcás cúpla ceann b'fhéidir go mbeidh ort foghlaim conas tine mhóna a chur síos — níl sé chomh doiligh sin!

Cé chomh cóngarach agus a bheidh mé d'ionad Oideas Gael?Is ceantar tuaithe é Gleann Cholm Cille—tá ár gcuid soláthraithe lóistín scaipthe ar fud an Ghleanna agus níl ach méid áirithe den lóistín taobh le campas Oideas Gael. Níl ach siúlóid ghairid (5–15 nóiméad) go hOideas Gael i gceist leis an chuid is mó de na tithe, áfach, agus oireann tithe áirithe eile níos fearr dóibh siúd a bheidh ag tiomáint agus iad anseo. Ní gá go mbeidh baint dhíreach idir do rogha lóistín agus an fad idir tú agus ionad na ranganna. Cuirtear cúinsí éagsúla san áireamh agus lóistín á thabhairt do rannpháirtithe, ar nós cineál an lóistín, cé acu an bhfuil nó nach bhfuil carr ag an duine, míchumas nó deacrachtaí siúil, cén uair a cuireadh an lóistín in áirithe, etc. Ar an ábhar seo, moltar do gach duine foirm iarratais an chúrsa a líonadh go hiomlán agus go cruinn, agus aon riachtanaisí speisialta a lua linn. Bíonn éileamh mór ar roghanna lóistín áirithe, mar sin is fiú do chúrsa a chur in áirithe go luath sa bhliain!

An ndéanann sibh freastal ar veigeatóirí nó ar riachtanais bia eile?Tá taithí ag ár gcuid soláthróirí lóistín uilig maidir le riachtanais chothaithe éagsúla. Ní gá ach iad a chur ar an eolas nuair a shroicheann tú an teach lóistín. Is féidir leat a thaispeáint dóibh conas bia a ullmhú de réir do chuid riachtanas féin fiú!

An ndéanann sibh freastal ar theaghlaigh?Molann muid i gcónaí go dtabharfadh teaghlach ar bith teach nó teachín áitiúil ar cíos. Cabhróidh muid leat ceann a chur in áirithe sa chás go bhfuil ceann ar fáil. Má tá tuismitheoir/tuismitheoirí ag freastal ar chúrsa, is féidir linn cuidiú leat duine óg ón cheantar a fháil mar fheighlí leanaí le linn na ranganna. Déanann an tuismitheoir/na tuismitheoirí socrú leis an fheighlí leanaí iad féin sula dtagann siad go Gleann Cholm Cille.

Éadaí leapa?Cuirtear éadaí leapa ar fáil sa lóistín féinfhreastail agus sna tithe féinfhreastail uilig. Is fearr go dtabharfadh daoine a gcuid tuáillí féin leo ach bíonn taisce éigeandála againn más rud é go bhfuil tú ag taisteal thar sáile agus go m'fhearr leat gan a thuilleadh bagáiste a iompar!

Cá háit agus cén uair a bheidh orm íoc as mo chuid lóistín?Íoctar as an lóistín ar theacht chun an chúrsa duit. Íoctar táillí leaba agus bricfeasta go díreach leis an teaghlach lena mbeidh tú ag fanacht, íoctar as lóistín féinfhreastail go díreach trí oifig Oideas Gael. Moltar airgead tirim a bheith agat don idirbheart seo mar seans nach mbeadh áiseanna i gcomhair cártaí creidmheasa ar fáil i gcónaí ag brath ar an soláthróir lóistín.

Cé mhéad oíche a bheidh i gceist le m'áirithint lóistín?Más rud é go gcuireann tú do chuid lóistín in áirithe trí Oideas Gael cuirtear an lóistín ar fáil duit ó dháta tosaigh do chúrsa linn go dtí maidin an dáta imeachta. Dá mbeadh cúrsa seachtaine ar siúl agat, mar shampla, bheadh an lóistín ar fáil duit ó thráthnóna an tSathairn (dáta tosaigh an chúrsa) agus ní bheadh ort fágáil go dtí maidin an tSathairn ina dhiaidh sin (7 n-oíche san iomlán).