Ar an Bhealach go Gleann Lach

Bá Ghleann Lach
Dan Ward's Stack, pictiúr a tharraing Rockwell Kent in Éirinn
An file Dylan Thomas

Níl aon bhealach mór ann a thabharfas go Gleann Lach tú, ná fiú cosán sléibhe. Tá an gleann seo in iardheisceart Dhún na nGall chomh hiargúlta agus atá sé álainn mórthaibhseach maorga. Mheall sé cuairteoirí iomráiteacha, mar sin féin. Ina measc tá an t-ealaíontóir Meiriceánach Rockwell Kent, an file Breatnach Dylan Thomas agus, de réir tréan seanchais sa cheantar, Séarlas Óg, an prionsa a d’éiligh coróin na Breataine. Meascann an cúrsa seo an stair, an ealaín, an fhilíocht agus an stair áitiúil chun áit ar leith a chur os ár gcomhair.

FÉILIRE
Teideal Suíomh Praghas
Dé hAoine, 3 Bealtaine 2024 — Dé Luain, 6 Bealtaine 2024
Ar an Bhealach go Gleann Lach Gleann Cholm Cille €120 Cláraigh

Cuirfidh rannpháirtithe an chúrsa eolas ar scéal ríspéisiúil na gcuairteoirí seo agus ar an seal a chaith siad sa ghleann:

  • Tá sé sa seanchas go raibh an Prionsa Séarlas Éabhard Stiúbhartach, nó Bonnie Prince Charlie mar ab fhearr aithne air, ar a theitheadh i bparóiste Ghleann Cholm Cille sa bhliain 1746. Theip ar an éirí amach a thosaigh sé sa Bhreatain go gairid roimhe sin agus é mar aidhm aige an choróin a bhaint amach an athuair dá theaghlach ríoga.
  • Le linn na 1920í agus 30í bhí Rockwell Kent ar cheann de na healaíontóirí ba mhó cáil agus gradam i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Chaith sé breis agus leathbhliain i nGleann Lach sa bhliain 1926 agus ní fada gur tháinig sraith pictiúirí den scoth uaidh. 25 bliain níos moille, agus é ina shóisialach déanta fiú faoi réimeas McCarthy, baineadh a phas de nuair a rinne sé iarracht filleadh ar Éirinn. Mar sin a cuireadh tús le cás cáiliúil i gCúirt Uachtarach na Stát Aontaithe.
  • I ngan fhios don fhile Breatnach Dylan Thomas, bhí lorg Kent á leanacht aige nuair a tháinig sé go Gleann Lach i samhradh na bliana 1935. Ina theannta bhí an t-eagarthóir liteartha Geoffrey Grigson ar theastaigh uaidh an file a scarúint ó ghealchathair boihéamach Londan. Ba bheag a thuig seisean go raibh an file óg anois i gceanncheathrú déanta poitín Dhún na nGall!

Ach ní hiad na maithe agus na móruaisle amháin a bhfuil scéal le hinsint acu. Fíorlaochra Ghleann Lach is ea daoine a shaothraigh a mbeatha ann. Dá réir sin, beidh muintir an Ghleanna, a slí bheatha, agus a gcuid caitheamh aimsire lárnach sa chúrsa, ón talmhaíocht, iascaireacht, agus obair an phortaigh go dtí an stiléireacht agus an ceol.

Nóta: Ach amháin san aimsir is fearr, siúlóid measartha dian (2–3 uair an chloig) atá ann go Gleann Lach ón bhóthar is cóngaraí. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh nach mbeadh sé indéanta an láthair a bhaint amach le linn an ghearrchúrsa 2.5 lá seo. Is cinnte, áfach, go dtabharfaidh na rannpháirtithe cuairt ar shuíomhanna tábhachtacha eile a bhaineann go dlúth le scéal Ghleann Lach, amhail leis an Phort agus an Mhálainn Bhig.

Stiúrthóir an Chúrsa

Údar agus iar-phríomhoide bunscoile é Críostóir Mac Giolla Easbuig a bhfuil suim faoi leith aige sa stair a bhaineann le Naomh Colm Cille. Lena chois sin, chaith sé breis agus 15 bliain ag déanamh taighde ar scéal Ghleann Lach, na daoine a chónaigh ann agus na cuairteoirí iomráiteacha a chaith seal san áit. Is é an leabhar The Road to Glenlough—mórshaothar 684 leathanach lándaite a foilsíodh sa bhliain 2023—toradh na hoibre sin.