Jump to main content

Oideas Gael

An Siopa Gaeilge

Béaloideas Thír Chonaill

This course is directed at fluent Irish speakers who wish to improve their knowledge of Irish folklore, particularly those stories and traditions associated with Co. Donegal.

Course calendar

Title Location Price
Béaloideas Thír Chonaill Gleann Cholm Cille Gleann Cholm Cille €240 Book now »

Is trí mheascán suimiúil de ranganna, siúlóidí agus imeachtaí a chuirfear an cúrsa ar fáil. Gheobhaidh na rannpháirtithe léargas ar ábhar agus ar theanga na scéalta béaloidis, mar aon leis an chomhthéacs inar cumadh agus inar insíodh iad. Cluinfear scéalta á n-aithris go beo le linn na seachtaine.

Ar na hábhair a phléifear sa chúrsa beidh:

  • Traidisiún scéalaíochta Thír Chonaill
  • Toibreacha beannaithe, creideamh agus naomhsheanchas sa cheantar
  • Féiltí agus turais thábhachtacha
  • Bailitheoirí béaloidis agus obair Choimisiún Béaloideasa Éireann
  • Logainmneacha pharóiste Ghleann Cholm Cille
  • Saol na ndaoine, ceirdeanna, nósanna agus pisreoga san am a chuaigh thart

Aindriú Mac Giolla Easbuig, múinteoir Gaeilge agus treoraí aitheanta, a bheas ag stiúradh an chúrsa. Duine de bhunadh Ghleann Cholm Cille, a chaith seal ina chónaí i dToraigh fosta, tá Aindriú i ndiaidh taighde cuimsitheach a dhéanamh ar bhéaloideas agus ar logainmneacha iardheisceart Dhún na nGall.

An tSráid — townland marker in Gleann Cholm Cille
Eoghan Ó Curraighín basket weaving outdoors
Participants on an Oideas Gaell hill walking course visit Tobar Cholmcille (Colm Cille's well), Gleann Cholm Cille
Walking down Mullach na Cainte 'the slope of the talking' as part of Turas Cholm Cille