Ó Bhéarla go Gaeilge: Translation Course

This course is suitable for highly skilled Irish speakers who are already translating or who want to become translators.

CALENDAR
Title Location Price
Saturday, 13 July 2024 — Saturday, 20 July 2024
Ó Bhéarla go Gaeilge: Translation Course Gleann Cholm Cille €240 Book now

Cén cineál cúrsa é?

Is iad aidhmeanna an chúrsa ná:

  • léargas a thabhairt ar fhadhbanna coitianta san aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge agus ar straitéisí chun dul i ngleic leo
  • teicnící eagarthóireachta a theagasc
  • meon criticiúil a fhorbairt chun gur féidir caighdeán an aistriúcháin a mheas
  • léargas a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann le húsáid na nuathéarmaíochta i nGaeilge

An mbeidh sé oiriúnach domsa?

Ní cúrsa teanga é 'Ó Bhéarla go Gaeilge'. Is cúrsa é le haghaidh daoine a bhfuil ardchumas Gaeilge acu agus atá ag obair mar aistritheoirí nó ar spéis leo tabhairt faoin obair sin. Tugtar léargas ar ghnáthobair an aistritheora agus ar na scileanna a theastaíonn ó lá go lá: doiléire agus débhríocht a sheachaint sa Ghaeilge scríofa, na foclóirí a úsáid, leaganacha canúna agus leaganacha caighdeánacha a aithint thar a chéile srl.

Ábhar an chúrsa

Tabharfar cóip de théacsleabhar an chúrsa do na rannpháirtithe go léir. Ní bheidh téacsanna fada le haistriú le linn an chúrsa. Ina ionad sin beidh abairtí agus sleachta gearra le haistriú a léiríonn fadhbanna agus dúshláin faoi leith: béarlachas, an focal ceart sa chomhthéacs ceart, rudaí nach n-aistrítear de ghnáth, srl. Is téacsanna neamhliteartha (tuarascálacha, bileoga eolais, suímh ghréasáin srl.) is mó a bheidh i gceist. Beidh eagarthóireacht le déanamh ar théacs nó dhó.

Ní gá do rannpháirtithe aon trealamh a thabhairt leo ach peann agus páipéar agus cóip de Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill. Cé gur ábhar 'trom' go leor atá san aistriúchán bíonn plé breá bríomhar ann i gcónaí maidir leis an leagan Gaeilge is fearr. Más mian le daoine cleachtadh a fháil ar théacsanna a aistriú agus a chur in eagar, moltar dóibh triail a bhaint as na cleachtaí ar www.aistear.ie. Is é Antain Mac Lochlainn, an té a bhunaigh an cúrsa seo, eagarthóir an tsuímh.

Teagascóir

Is é an Dr Micheál Ó Duibh a bheas i mbun an chúrsa. Aistritheoir agus eagarthóir é Micheál atá ina Stiúrthóir ar an chomhlacht sainchomhairleoireachta Barr Feabhais Teo. Tá an cúrsa seo á mhúineadh aige ón bhliain 2021 i leith.

Clár ama

Bíonn na ranganna ar siúl ó Luan go hAoine. Tosaíonn seisiún na maidine ar 10.00am agus leanann an obair ar aghaidh go dtí 5.00pm le sos lóin dhá uair an chloig idir 1pm agus 3pm. Bíonn dhá shos tae ann gach aon lá.