Tá an damhsa céime ar an tseanstíl agus an damhsa ar an tsean-nós ag teacht chun cinn arís mar chaitheamh aimsire atá sóisialta, pléisiúrtha agus ar fáil do chách. Sa chúrsa deireadh seachtaine seo, cuirfidh rannpháirtithe eolas ar roinnt damhsaí tábhachtacha agus gheobhaidh siad léargas áirithe ar thraidisiún ceoil agus rince na hÉireann.
Beidh an cúrsa bríomhar spraíúil seo fóirsteanach do thosaitheoirí agus feabhsaitheoirí araon, agus cuirfidh na rannpháirtithe eolas ar an phort agus ar an ríl. Déanfar an damhsa Ultach, an Maggie Pickie, mar aon leis an chuid is fearr de na damhsaí beirte as Tír Chonaill. Ag deireadh an chúrsa, beidh tú ábalta páirt a ghlacadh i seisiúin cheoil agus beidh tú i ndiaidh dul chun cinn a dhéanamh le do chuid scileanna rince aonair agus grúpa.
As Contae Dhoire, agus anois ina chónaí i dTír Chonaill, chuir Joe McGuiggan eolas ar sheanstíl rince a cheantair dhúchais nuair a bhí sé ina ghasúr. D’imir rinceoirí ar an tsean-nós as áiteanna éagsúla sa tír tionchar air ina dhiaidh sin. Bíonn sé ag teagasc rince i nDoire agus ar fud na hÉireann agus tá sé i ndiaidh go leor ceardlann a thabhairt ag imeachtaí mar Fhleadh Cheoil na hÉireann agus an World Academy of Irish Music and Dance, Ollscoil Luimnigh. Tá duaiseanna bainte aige as a chuid rince agus tá taispeántais tugtha aige ag féilte idirnáisiúnta mar an North Atlantic Fiddle Convention agus Féile Celtic Colours, Nova Scotia.