Training Course for those Teaching Irish

This is a training course for fluent speakers interested in teaching conversational Irish.

Cé air a bhfuil an cúrsa dírithe?

Is cúrsa é seo do mhúinteoirí atá ag múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta ag gach leibhéal in Éirinn agus thar lear. Tá sé oiriúnach:

  • do mhúinteoirí nach bhfuil mórán taithí acu;
  • do mhúinteoirí nach bhfuil aon cháilíocht fhoirmiúil (ar nós an Ard-Teastais san Oideachas) acu;
  • do mhúinteoirí bunscoile agus meánscoile ar mian leo níos mó eolais a fháil faoi mhúineadh daoine fásta.

Aidhmeanna an chúrsa

  • Múinteoirí a chur ar an eolas faoin mhéid atá tar éis titim amach i múineadh teangacha le breis is fiche bliain anuas;
  • féachaint go mion ar an chur chuige cumarsáideach agus ar an dóigh le hé a chur i bhfeidhm sa seomra ranga;
  • múinteoirí a chur ag smaoineamh faoi cad é go díreach ba cheart dóibh a mhúineadh ina gcuid ranganna;
  • seans a thabhairt dóibh ábhar nua múinte a thriail agus a mheas;
  • seans a thabhairt dóibh smaointe, moltaí praiticiúla agus tuairimí a mhalartú.

Modh múinte

Beidh páirt an-ghníomhach ag na múinteoirí sa chúrsa. Ceardlanna seachas léachtaí a bheas i gceist agus beidh deis acu a gcuid tuairimí a chur in iúl agus tarraingt ar a dtaithí. Beidh béim láidir ar obair bheirte agus ar obair ghrúpa sna seisiúin seo.

Beidh cleachtadh múinteoireachta ar siúl dhá uair sa lá i rith an chúrsa, rud a thabharfaidh deis do na múinteoirí triail a bhaint as ábhar agus as modhanna nua múinte. (Ní bheidh sé éigeantach cleachtadh múinteoireachta a dhéanamh.)

Iarrtar ar mhúinteoirí ábhar a úsáideann siad ina gcuid ranganna a thabhairt leo, más mian leo.

Toipicí

I measc na dtoipicí a ndíreofar orthu beidh:

  • an cur chuige cumarsáideach;
  • ag pleanáil cúrsa;
  • anailís ar riachtanais na bhfoghlaimeoirí;
  • fáthanna a bhfágann foghlaimeoirí rang roimh dheireadh cúrsa agus dóigheanna leis an scéal seo a fheabhsú;
  • ag múineadh na scileanna éagsúla teanga;
  • rólghníomhú;
  • cluichí teanga;
  • ag múineadh gramadaí/ag ceartú earráidí na bhfoghlaimeoirí.

Oiliúnóir

Is é Éamonn Ó Dónaill MA, Comhairleoir Teanga, a leag amach an cúrsa. Ba é Éamonn an comhordaitheoir teanga a bhí ar an tsraith teilifíse d’fhoghlaimeoirí Gaeilge, Turas Teanga, agus a scríobh an leabhar agus scripteanna na ndlúthdhioscaí atá mar chuid den chúrsa ilmheán sin. Is é comhúdar Now You’re Talking mar aon leis an dá leabhar do mhúinteoirí, Abair Leat!, chomh maith. Tá Éamonn ag múineadh Gaeilge ó bhí 1981 ann agus é ina stiúrthóir ar Ghaelchultúr Teoranta anois.

Teastas

Bronnfar teastas ar gach duine a dhéanfaidh an cúrsa ina iomláine agus a mbeidh a c(h)uid oibre ar chaighdeán sásúil.